Tá an Nollaig ag teacht go dtí Gaillimh go tiubh tapaidh

0
1252
Soilse na Nollaig- Galway Daily

Ní fada uainn anois an Nollaig agus an fear mór leis an féasóg ag teacht síos an simléir lenár mbronntanaisí.

Conas ar imigh an t-am chomh tapaidh i mbliana agus an Nollaig nach mór sroichte linn arís ar feadh bliain eile. Cé atá réidh don craic, ceol agus an t-atmaisféar a bhaineann leis an am sin don bhliain?

An tseachtain seo beidh muintir na Gaillimhe ag fáil réidh don Nollaig nuair a bheidís ag casadh na soilse ar siúl agus beidh Scátála na Gaillimhe ag teacht go Leisureland i mBóthar na Trá ar an Domhnach.

Dé hAoine beag seo an 16ú Samhain ag a 6i.n. a bheas na soilse á casadh ar siúl go hoifigiúl.

Maraon le casadh na soilse ar siúl beidh Margadh Nollag an Ghaillimh a bhíonn ar An Fhaiche Mhór chuile bhliain á oscailt go hoifigiúl ar an Aoine beag seo an 16ú Samhain.

Muna bhfuil sin sách maith dhaoibh ar an Domhnach an 18ú Samhain beidh Scátala na Gaillimhe ag teacht go Leisureland i mBóthar na Trá.

Beidh neart craic agus spraoi ag chuile dhuine idir óg agus aosta agus iad ag iarraidh scátál ar an rinc oighear.

Beidh an rinc i Leisureland i mBóthar na Trá ón 18ú Samhain 2018 go dtí an 6ú Eanair 2019 agus í ar oscailt chuile lá den seachtain.

Tá tuilleadh eolas le fáil anseo maidir leis na h-amanta oscailte agus an chostas a bhíonn ar na ticéidí.

Níl ach 6 seachtaine fós le dhul roimh teacht Daidí na Nollag agus tá an Ghaillimh nach mór réidh don fear mór leis an féasóg.

Chuirfear fáilte roimh cách ag an casadh siúl oifigiúl dos na soilse a bheas ar siúl Dé hAoine beag seo an 16ú Samhain.