Stádas Buí Teochta fógartha ag Met Éireann don tseachtain

0
871
teocht ard fógartha don tseachtain - Galway Daily

D’fhógair Met Éireann stádas teochta buí don tír ar fad níos luaithe inniu.

Beidh an stádas teochta buí i láthair ó maidin inniu, an 25ú Meitheamh go dtí oíche Dé hAoine an 29ú Meitheamh.

Ar an suíomh met.ie dúradh go mbuailfidh an teocht 27 céim celcias in áiteanna inniu agus go mbeadh an teocht níos airde ná sin an tseachtain seo.

Meastar go mbuailfidh teochtanna an-ard anseo sa Ghaillimh Dé Céadaoin agus é ag buaileadh 30 céim celcias.

Istoíche ní bheidh na teochtanna á ísliú mórán agus mar sin deirtear go mbeadh sé deachair ar daoine dul a chodladh de bharr an teas.

Iarrtar ar daoine fanacht híodráitithe i rith an lae agus uachtar gréine a chur ort agus tú amuigh faoin ghrian.

Níos luaithe an tseachtain seo chuir Irish Water Safety foláireamh amach freisin agus iad ag impí ar chuile duine a bheith sábháilte san uisce.