Searmanais Bronnta Geimhridh OÉ Gaillimh agus Céimithe Oinigh

0
900
Searmanais Bronnadh na Céim- Galway Daily

Beidh Searmanais ar siúl in Ollscoil na hÉireann Gaillimh idir an 20 Samhain agus 22 Samhain ina mbronnfar céim ar bhreis is 1,800 mac léinn.

Bronnfar céim ar bhreis is 1,800 mac léinn mac léinn as na cúig choláiste in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag searmanais bhronnta an gheimhridh a bheidh ar siúl ó Dé Máirt an 20 Samhain go dtí Déardaoin an 22 Samhain.

Inné d’fhógair OÉ Gaillimh ainmneacha na ndaoine a mbronnfar Céimeanna Oinigh orthu ag Bronnadh an Fhómhair 2018.

Seo a leanas ainmneacha an cheathrair a mbronnfar céim orthu an tseachtain dar tús an 19 Smahain.

  • An Dr Clare Murphy – Gaistreintreolaí Comhairleach agus taiscéalaí cumasach le spéis ar leith i leigheas a bhaineann le hairde mhór agus le turais tasicéalaíochta.
  • Phelim Murphy – a bhfuil na blianta caite aige mar riarthóir contae agus club CLG.
  • Bernie O’ Connor – a bhfuil na blianta caite aige mar riarthóir contae agus club CLG.
  • Martin Hayes – ceoltóir traidisiúnta a bhfuil cáil domhanda air.

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh;

“Tá an t-ádh le OÉ Gaillimh céimithe oinigh den scoth a bheith aige in imeacht na mblianta agus is cinnte gur grúpa ar leith iad na céimithe oinigh atá á gcéiliúradh ag na searmanais bhronnta seo.

“Tá a c(h)ion féin déanta ag gach céimí oinigh daoibh ina réimse féin. Trí onóir a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo, léirmid na luachanna atá againn i réimsí a bhfuil tábhacht leo dúinne agus don tsochaí ina mairimid – ról an spóirt i bpobail tuaithe, cruthaitheacht agus ceol, mná ceannródaíochta i spórt.

“Tá an-áthas ar OÉ Gaillimh a bheith in ann aitheantas a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo. Léiríonn a gcuid éachtaí roinnt de na gníomhaíochtaí ina bhfuilimid mar Ollscoil páirteach iontu – forbairt pobail, cultúr agus taibhléiriú, agus éachraí spóirt.

“Thar ceann OÉ Gaillimh tá áthas orm onóir a bhronnadh orthu agus a gcuid éachtaí,” a críochnaigh an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh.

An Dr Clare O’Leary – gaistreintreolaí, dreapadóir sléibhe agus taiscéalaí Éireannach.  An chéad bhean Éireannach a dhreap Sliabh Everest agus na Seacht Mullach.  Ba í an chéad bhean Éireannach í chomh maith a bhain amach an Pol Theas. Tá sí ina pátrún ar Charthanacht Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh. Is gaistreintreolaí agus lia ginearálta í.

Phelim Murphy agus Bernie O’Connor – Tá an bheirt fhear seo luaite le hiománaíocht na Gaillimhe le blianta fada, ag leibhéal Club agus Contae, agus is pearsana an-tábhachtach iad i bhforbairt an CLG.

Phelim Murphy – Cathaoirleach Chlub Iománaíochta an Turlaigh Mhóir agus ball de Bhord Iománaíochta na Gaillimhe le blianta fada.  Iar-Rúnaí Cúnta ar Bhord Iománaíochta na Gaillimhe, Rúnaí, Roghnóir, Uachtarán Chomhairle Connacht, Leas-Uachtarán CLG.

Bernie O’Connor – comhghleacaí GLG agus cara buan le Phelim.  Ball de Chlub Órán Mór/Mheáraí.  D’oibrigh sé ar leibhéal contae, cúige agus náisiúnta ar Fhorbairt Iománaíochta, Riarachán Cluichí agus Coistí Bainistíochta.  Bainisteoir ar Fhoireann Sinsir na Gaillimhe in 1983, roghnóir ar na foirne a bhuaigh Craobh na hÉireann in 1980, 1987 agus 1988.

Martin Hayes – Fidléir Éireannach mór le rá as Co. an Chláir agus ball den sárghrúpa Gael-Meiriceánach The Gloaming. Buaiteoir Chraobh na hÉireann ar an bhfidil – duine de thriúr fidléirí a ainmníodh mar Sheaimpín na hÉireann ar an bhfidil sa rannóg shinsearach dhá bhliain as a chéile. Ball de Bhanna Céilí na Tulaí. Gníomhach i saol an cheoil thraidisiúnta i Meiriceá agus go hidirnáisiúnta. Is iomaí gradam atá buaite aige, lena n-áirítear Gradam Ceoil TG4.

Beidh na searmanais bhronnta ar siúl ag 10.30r.n. agus 3i.n. chuile lá.