Scéim Scríbhneoireachta Ceoil do 7 Scríbhneoir i nGaillimh

0
919
Scéim Scríbhneoireachta

Seoladh Scéim Scríbhneoireacht Ceoil Mheantóra do 7 Scríbhneoir i Cathair na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe.

Tá an Scéim do Scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn agus a bheas ag leanúint ar aghaidh ar feadh 12 mhí oscailte anois d’iarrataisí. Sé an dáta deireanach chun chur isteach ar an scéim seo ná an 7ú Eanair.

Is é an Journal of Music i comhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Gaillimhe atá i bhfeighil an scéim seo.

Tá seacht áit ar fáil i mbliana,  cúig ceann do scríbhneoirí lonnaithe i Cathair na Gaillimhe agus dhá áit do scríbhneoirí lonnaithe i Contae na Gaillimhe.

Thar tréimhse 12 mhí, beidh an foireann eagarthóireachta do Journal of Music ag obair leis na seacht scríbhneoirí, ag forbairt a scileanna scríbhneoireachta i ceol agus ag obair i dtreo foilsitheoireacht.

Chun chur isteach ar an Scéim Scríbhneoireacht Ceol Mheantóra atá ar bun le Cathar na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe ní gá duit ach ríomhphoist a chur chuig submissions@journalofmusic.com le haghaidh PDF agus na sonraí ar fad.

An dáta dheireanach atá ann chun d’iarrataisí a chur isteach ná an 7ú Eanair 2019.