Ros na Rún ar thóir ar dhaoine breise do sraith 23

0
1049
Ros na Rún ar thóír dhaoine breise

An bhfuil suim ar bith agat san aisteoireacht? An dteastaíonn uait a bheith i do dhuine breise don Sobaldhráma atá lonnaithe sa Spidéal?

Fé láthair tá Ros na Rún, Sobaldhráma Gaeilge atá lonnaithe ins an Spidéal, Contae na Gaillimhe ar thóir dhaoine breise don sraith nua, sraith 23 a bheas ag tosnú go luath.

“Táimid ag lorg daoine breise! Seol ríomhphoist chughainn leis na sonraí seo a leanas: D’uimhir ghutháin, grianghraf a thóg tú le déanaí, dáta breithe & seoladh poist.”

Is féidir na sonraí ar fad a sheoladh chuig extras@rosnarun.com agus d’fhéadfá a bheith ar na scáileán an Gheimhreadh seo.

Ní fada uainn anois sraith 23 don sobaldhráma a bheas thar nais ar an scáileán i gceann 6 seachtaine.

Beidh Ros na Rún ar ais ar TG4 faoi cheann 6 seachtaine. Craolfar sraith 23 ón 4ú Meán Fómhair 2018.