Nach mór €1m breise ceadaithe ag an Rialtas do TG4

0
752
€1m breise fógartha
Pictúir de chuid TG4

Inné chuir an Ard Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an allúntas breise de beagnach milliún euro a d’fhógair an Aire Stáit Seán Kyne don stáisiún.

Tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil tar éis maoiniú breise de €985,000 a cheadú do TG4 do 2018, le haghaidh tionscadail faoi leith a bhaineann le Bliain na Gaeilge agus tograí áirithe eile.

Tugadh an méid seo le fios ag ócáíd sheolta Straitéis Chorporáide TG4 i nGaillimh inné.

De réir na straitéise cúig bhliana, tá de rún ag an gcraoltóir náisiúnta, TG4, cuidiú le bonn a chur faoi 160 post nua, brostú le forás agus cur leis an lucht féachana.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:

“Tá muid thar a bheith buíoch as an t-airgead breise seo atá fógartha ag an Rialtas, a thugann aitheantas dar linn, don obair mhaith atá ar siúl ag TG4.

“Bíonn TG4 ina shiocair le nuáil i réimse mheáin chlosamhairc na Gaeilge. Tá níos mó ná 75% de mhuintir na tíe den tuairim go bhfuil tionchar chun sochair ag TG4 ar an teanga.

“Tá níos mó ná 500,000 duine de lucht féachana gach lá againn, 92% de lucht féachana na Gaeilge a mbíonn aird acu ar TG4 gach seachtain agus 48% den lucht féachana náisiúnta, céatadán a fhágann TG4 ar an 7ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn.

“Tá bonn á choinneáil ag TG4 faoi na céadta post in earnáil léiritheoirí neamhspleácha na hÉireann agus bítear dúthrachtach dáiríre maidir le samhlaíocht agus cruthaitheacht dhaoine cumasach in Éirinn a chothú.

“Cruthaímid poist i gceantair réigiúnacha agus déantar sochar maidir le cúrsaí geilleagair in Éirinn. I rith na deich mbliana anuas go dtí an bhliain 2017, chaith TG4 níos mó ná €200m san earnáil.

“Sa bhliain 2016, chuir TG4 €62m leis an ioncam náisiúnta agus cothaíodh níos mó ná 750 post. Bíonn luach €2 ag geilleagar na hÉireann as gach €1 d’infheistíocht a dhéanann TG4 i dtionscail na cruthaitheachta in Éirinn.

“Is tráth cinniúnach seo ag TG4 agus ábhar ollmhór dúshláin le sárú. Craoltóir mionteanga dúchais atá in TG4 ach é i margadh mheáin chumarsáide an Bhéarla agus iomaíocht a dhéanamh leis ag comhlactaí náisiúnta agus idirnáisiúnta meán cumarsáide agus teicneolaíochta a bhfuil buiséid ollmhóra acu maidir le hábhar a léiriú.

“Cuirfear cor nua faoi thoradh feidhmíochta TG4 leis an straitéis seo. Tá de rún againn cur leis an sciar den lucht féachana faoin mbliain 2022 a oiread agus go mbeifear ar an 6ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn.

“Beidh aird leis an straitéis seo ar chuspóirí buntábhachtacha an bheartais phoiblí agus tabharfar buntáiste dáiríre i gcrích do gheilleagar na tíre, go háirithe sna réigiúin – sa chaoi is go mbeidh bonn á choinneáil faoi 930 post faoin mbliain 2022 agus níos mó ná €77m den ioncam náisiúnta á chruthú gach bliain.

“Tríd is tríd, fágfaidh straitéis TG4 níos mó daoine ag taobhú na Gaeilge ionas go gcuidítear le bonn daingean agus méadú foráis a chur faoi phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann.

“Agus sinn ag féachaint le leibhéal na gcistí a thabhairt ar ais mar a bhíodh roimh an gcúlú eacnamaíochta, tá an riachtanais cistíochta íseal i gcomparáid leis an toradh atáthar ag iarraidh a thabhairt i gcrích. Ardú 5% ar an meán in aghaidh na bliana ar an gcistíocht reatha a bheadh i gceist go ceann cúig bhliana chomh maith le hardú beag ar chistí caipitil.

“Tabhairfidh TG4 toradh fónta de réir na gcuspóirí seo i bhfeidhm i rith na mblianta 2018-2022, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara oríomhthábhachta eile, arna bhunú ar an straitéis eamhnaithe maidir le dhá dhream den lucht féachana agus ar an múnla foilsitheora/craoltóra atá againn,” a dúirt Alan Esslemont Ard-Stiúrthóir TG4.