Lig dúinn Gáire tríd an Scamall Dorcha a bhíonn le feiscint go minic

0
892
Pictúir tógtha ag Kyra Krenitsky

Bhí oíche iontach ann Dé Satharn sa Loft, áit a raibh fuirseoirí den chéad scoth ar stáitse ar san HOPE (D). (Helping Other People Escape Depression). Oíche iontach lán do fuinneamh agus gáire a bhí i gceist ag iarraidh feasacht a ardú ar san HOPE(D)

Is catharnacht é HOPE(D) nach bhfaigheann cabhar ar bith ón rialtas agus atá bunaithe i gCill Dara. Bunaíodh é go bhunúsach chun cabhrú le daoine agus le clainne atá ag fulaingt le dúlagar agus méala don féinmharú.

Ar an oíche labhair Cathaoirleach an eagrúchán, Terri Thorpe faoin oíche a bhí i gceist agus an catharnacht féin.

Cathaoirleach HOPE(D) Terri Thorpe – Pictúir tógtha ag Kyra Krenitsky

“Táimid lonnaithe i gCill Dara agus ní fhaigheann an eagrúchán cabhair ar bith ón rialtas. Bíonn an obair á dhéanamh againn leis an phobal saor in aisce.

“Is é úscra daoine a choiméadann sinn ag oibriú agus tá sé go hiontach oíche mar seo a bheith againn, áit a feicimid an gáire i scamall dorcha.

“Thosaíomar seo le croí mhór, agus mar grúpa tacaíochta táimíd ar nós seanmháthair a éistíonn le do fadhbanna nuair a thagann tú isteach sa seomra suite.

“Gualainn le ghualainn táimíd ag oibriú tríd an ghearrchéim atá ann le dúlagar agus sláinte mheabhrach,” a dúirt Terri roimh an stáiste a fhágaint.

Cathaoirleach HOPE(D) – Terri Thorpe. Pictúir tógtha ag Kyra Krenitsky

Is fadhbanna ollmhór iad dúlagar agus sláinte meabhrach, rud atá taréis chuile teaghlach in Éireann a bhuaileadh go díreach nó go hindíreach agus tá sé fíorthábhactach go dtiocfaidh daoine amach chun chaint faoi na heisithe.

Go pearsanta, chuireann sé seo isteach orm go mór mar chuir duine do na chairde is fearr a bhí agam riamh lámh ina bháis féin, i Mí Méan Fomhair 2014, nach mór mí iomlán théis ar dhein duine d’ár iar-pháirtí ranga an rud chéanna.

Bhí an bheirt acu chomh óg, théis an Ardteistiméireachta a dhéanamh agus an scoil a fhágaint, 3 bhliain ghearr roimhe sin. I ndáríre bhíodar ag tosú amach ar an saol agus cheapfá go mbeidís ag tnúth leis an todhchaí ach níl an deis sin ag ceachtar acu anois.

Táid i gconaí anseo linn i spiorad ach ní dhéanann sé níos éasca é nuair a bhíonn fios maith agam go d’fhéadfadh rudaí a bheith difriúl dá mba rud é gur labhair siad faoi na fadhbanna a bhí ag pléascadh taobh istigh.

Nuair a athraíonn an saol go suntasach agus nuair a bhíonn tionchar go díreach ag féinmharú ort, domsa b’é cailliúnt cheann do na chairde is fearr a bhí agam, tugann sé cic sa tóin duit chun an saol a thógaint le do dhá lámh.

Bíonn sé deachair sin a dhéanamh chuile lá agus gan dabht beidh rudaí ag chuir isteach ort ach tá an saol ann dúinne. Chun an fírinne a rá ba chóir dúinn taithneamh a bhaint as gach rud a thagann romhainn agus gan ligeant dos na sonraí seafóideach a chuir isteach orainn.

Is é an teachtaireacht is mó agus is tabhachtaí atá tógtha agam féin ó na féinmhairithe seo, ná is chuma cé chomh dúghafa lenár saol féin atáimid, caithimid am a thógaint chun seiceáil suas ar a chéile.

D’fhéadfadh cúig nóimead ag seiceáil suas ar chlann agus chairde a bheith an difríocht idir saol agus bás do dhaoine áirithe agus dá bharr sin tá sé fíor thábhactach aire a thabhairt dá chéile agus fios a bheith ag gach duine go bhfuil seirbhísí tacaíochta ar fáil.

Is seirbhís tacaíochta é HOPE(D) agus é lonnaithe i gCill Dara ach is féidir liosta dos na seirbhísí atá ar fáil anseo sa Gaillimh a fheiscint anseo.

Deirtear i gcónaí gurb é an gáire an cóir leighis is fearr agus b’shin rud a bhí ceart ar an Satharn nuair a bhíos i mo shuí sa Loft le grúpa daoine a raibh ag gáire ó thosach go deireadh na hoíche.

Bhí thart ar 25 duine i láthair ar an oíche agus sinn go léir aontaithe agus le chéile le fios mhaith gur bhuail sláinte mheabharach, dúlagar agus féinmharú chuile duine sa seomra, go díreach nó go hindíreach uair amháin nó uair eile inár saol.

Slua beag ar an oíche – Pictúir tógtha ag Kyra Krenitsky

Thosaigh an fearr ó Mhaigh Eo, Paul David Murphy an oíche agus é tabhairt amach faoin bhaile féin Bhaile an Róba ach go tapaidh ina dhiadh sin dúirt sé ba chuma cé chomh olc atá féin mar is iad na daoine a déanann an áit iontach.

Paul David Murphy fuiriseoir- Pictúir tógtha ag Kyra Krenitsky

Bhí an fuiriseoir óg lán de chainte agus é ag insint scéalta faoi a chairde agus chlann, scéalta greannmhar a d’fhág an lucht féachanna lag ag gáirí.

Oíche den chéad scoth a bhí i gceist le AR Devine ar stáitse tar éis Paul David Murphy agus go tapaidh ina dhiadh sin bhí Séan Ó Bheaglaoich ar stáitse.

Sean Ó Beaglaoich – Pictúir tógtha ag Kyra Krenitsky

Taréis an bhriseadh bhí Johnny Graham agus Farmer Michael ar stáitse ag tá sé éasca le rá go raibh chuile duine ag baint sult as an oíche agus na haithriseoirí ar fad.

Físeán tógtha ag Sheila Ní Bheaglaoich

Beidh oíche eile á reachtáil i Moorefield, Co. Cill Dara ar son HOPE(D) le costas €10 ar na ticéidí. Táim cinnte go mbeidh chuile duine ag gáire ar feadh na hoíche ansin freisin agus tá tuilleadh eolas le fáil faoin oíche sin anseo.

Caithfear buíochas a gabháil le Sean Ó Bheaglaoich a bhí ag eagrú an dá oíche sin ó Bré.

Sean Ó Beaglaoich – Pictúir tógtha ag Kyra Krenitsky

Ar focal scor, caithfear míle buíochas a gabháil le Kyra Krenitsky a thóg na pictiúrí ar fad ar an oíche.

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil uaimh faoi HOPE(D) is féidir glaoch a chuir ar 1800 855834 nó 087 1513535. Is féidir ríomh phoist a chuir chuig contacthoped@gmail.com más mian libh freisin.