Léiriú Saor in aisce do Murdair Mháim Trasna

0
927
Murdair Mhám Trasna - TG4
Maolra Seoige

Beidh léiriúchán saor in aisce do ‘Murdair Mhám Trasna’ ar siúl ar an 18ú Lúnasa.

Cuireann an t-Údarás Craolacháin na h Éireann (BAI) i gcomhar le comhlacht léiriúcháin ROSG léiriú poiblí ar an fadscannán drámaíochta/faisnéise ‘Murdair Mhám Trasna’.

Fadscannán drámaíochta/fáisnéise ina dtugtar chun cuimhne an dúnmharú brúidúil a rinneadh ar theaghlach i gceantar iargúlta Mhám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa mbliain 1882.

Ba é Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna a bhí bunaithe ar an leabhar ‘Eagóir’ a scríobh an t-Iar Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus ba é Ciarán Ó Cofaigh ó ROSG a bhí i mbun an léiriúcháin. Beidís uilig i láthair ar an lá.

Tá an léiriú seo ar siúl mar chuid de Bliain na Gaeilge 2018 agus Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2018.

Tá sé saor in aisce isteach agus ní gá duit ach clárú anseo.

Beidh an léiriúchán ar siúl ar an Satharn 18ú Lúnasa idir a 13:00 -15:30 san Eye Cinema.