Cluiche Leath-Ceannais Craobh na hÉireann sroichte ag Gaillimh don chéad uair i 17 bliain

0
1148
Muineacháin v's Gailimh

Théis bua eile ag foireann na Gaillimhe inniu táid théis cluiche leath-ceannais Craobh na hÉireann a shroicint don chéad uair i 17 bliain.

I 2001 bhí bua maith ag foireann na Gaillimhe i gcoinne Ros Comáin chun an cluiche leath-ceannais a shroicint, agus bhuadar an cluiche sin le 3 pointe i gcoinne an Doire.

Bliain iontach mhaith a bhí ann don Ghaillimh, i 2001 mar bhaineadar amach Craobh na hÉireann agus tháinig an Corn Sam Maguire abhaile leo théis an bua mhaith a bhí acu i gcoinne Co.na Mí.

Cogadh amach agus amach a bhí ann i Droichead Nua Cill Dara inniu, le foireann na Gaillimhe ana-shásta agus iad lán cinnte anois go mbeidís ins an cluiche leath-ceannais Craobh na hÉireann i mbliana.

Osclaíodar an chuntas an tseachtain seo chaite i bPáirc an Crócaigh le bua i gcoinne na Ríochta agus phiocadar suas a thuilleadh pointí inniu chun cinntiú go mbeadh áit acu sa cluiche leath-ceannais.

B’iad foireann na Gaillimhe a raibh chun cinn don chuid is mó don cluiche seo inniu agus níor fhéach sé go raibh Cill Dara chun móran damáiste a dhéanamh.

Chuaigh rudaí ó olcas go holcas do foireann Cill Dara, nuair a thaispéanadh cárta dearg don lán-tosaí Daniel Flynn sa 46ú nóiméad do buille a thug sé do Seán Andy Ó Ceallaigh nuair ná raibh an liathróid fiú in aice leis an mbeirt acu.

Lean foireann na Gaillimhe ar aghaidh leo ag tógaint na pointí agus bhuadar an cluiche agus 3 pointe le sparáil acu.

Scór Dheireanach: Cill Dara 0-16 Gaillimh 0-19.

Beidh coicís briseadh ag leaids na Gaillimhe agus iad ag ullmhú don scrúdú dheireanach i gcoinne Muineacháin. Beidh an cluiche ar siúl i Staid an Phiarsaigh Dé Satharn an 4ú Iúil ag 6i.n.

Ba chuma an scéal dá mbeidh an bua ag an Ghaillimh nó ná mbeidh mar táid théis an cluiche leath-ceannais a shroicint ach é sin ráite ní bheadh siad sásta an cluiche bhaile a chailliúnt.

Cé a cheapann go mbeidh Corn Sam Maguire ag dul abhaile go dtí an Ghaillimh i mbliana?