Tá Leachtóir san Acadamh in OÉ Gaillimh le Fadscannán Gaeilge €1.2 millún a stiúradh

0
967
Galway Daily education NUIG's Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gets multi-million funding package

Roghnaíodh Seán Breathnach, léachtóir sna meáin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh le bheith ina stiúrthóir ar fhadscannán Gaeilge do TG4 faoin scéim maoinithe Cine4.

Rugadh agus tógadh Seán Breathnach i Leitir Mealláin i gConamara agus bíonn sé i mbun scriptscríobh agus léiriú físe a mhúineadh ar an BA Cumarsáid agus Gaeilge san Acadamh. Scríobh sé agus stiúróidh sé an script don scannán Foscadh. Is í seo an chéad uair a mbeidh fadscannán á stiúradh ag an léachtóir.

Tá Foscadh á léiriu ag Paddy Hayes don chomhlacht Léirithe Magamedia, atá lonnaithe anseo sa Ghaillimh. Is dráma í Foscadh atá tuaithe dorcha, agus í lonnaithe i gConamara.

Nuair a fhaigheann fear óg místuama amach go bhfuil athzónáil i gcomhair tithíochta déanta ar an talamh a fuair sé le huacht i ndiaidh báis a mháthair, ar baintreach í, téann sé rite air a chuid naimhde a dhealú óna chuid cairde nua.

Roghnaigh TG4 agus Bord Scannán na hÉireann an scannán le cur faoi bhráid Údarás Craolacháin na hÉireann an mhíseo faoin scéim, a bhfuil dianiomaíocht agus maoiniú €1.2 milliún in aghaidh an scannáin ag gabháil léi.

Roghnaigh TG4 fadscannán eile chun chuir faoi bhráid Údarás Craolacháin na hÉireann agus b’shin í Mo Ghrá Buan faoi Macalla Teo atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Déanfar an scannán, Foscadh a thaifeadadh i lár na bliana 2019 agus déanfar é a thaispeáint ag roinnte féilte idirnáisiúnta scannán le linn 2020. Déanfar é a thaispeáint sna pictiúrlanna in Éirinn agus ar TG4 ina dhiadh sin.

Fuair an Breathnach maoiniú ón mBord Scannán roimhe seo chun an gearrscannán Maidhm a dhéanamh. Ghnóthaigh an scannán seo roinnt duaiseanna agus léirmheasanna moltacha ag breis is dosaen féile scannán in Éirinn, ar Mhór-Roinn na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus san Áis.

Tá scríofa aige freisin faoin dátheangachas sna drámaí teilifíse agus rinne sé iniúchadh ar dhomhan scéalaíochta An Klondike agus Corp+Anam a foilsíodh in iris phiarmheasúnaithe an Acadaimh, Léann Teanga: An Reiviú (2017)