Is iarrthóir oifigiúl í an Seanadóir Joan Freeman anois agus í ag rith don Áras

0
797
Freeman sa rás go hoifigiúl - Galway Daily

Tá sé fógartha go bhfuil an Seanadóir Joan Freeman mar iarrthóir oifigiúl anois agus í ag rith don Áras.

Ceann dos na riachtannaisí a bhí ann ná go mbeadh ceithre vótaí na comhairle ag chuile iarrthóir sula mbíonn siad ina n-iarrthóir oifigiúl.

Bhí an tacaíocht tugtha ag Comhairle Cathrach Corcaigh agus Comhairle Contae na Gaillimhe do Joan Freeman cheana féin agus tráthnóna inné thug Comhairle Fingal tacaíocht di.

Bhí sí ag fanacht ar tacaíocht ó Comhairle amháin eile agus ar deireadh thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tacaíocht sin di agus anois tá sí sa rás go hoifigiúl mar go bhfuil an ceithre vóta faighte aici.

Is í an dara iarrthóir atá théis an rás a shroicint go hoifigiúl théis Sean Gallagher ó Dragons Den, ata théis an tacaíocht a fháil ó cúig Comhairle. S’iad na Comhairle atá théis tacaíocht a thabhairt do Sean Gallagher ná, Maigh Eo, Ros Comáin, Liatroim, Cill Chainnigh agus Cill Mhantáin.

B’í an Seanadóir Joan Freeman an dara iarrthóir atá ábalta rith don Áras go hoifigiúl anois théis na votaí uilig a fháil.

Lá suntasach a bhí ann don Seanadóir Joan Freeman, na votaí dheireanach a fháil inné an 10ú Meán Fómhair ar Lá um Domhanda Chosc ar Fhéinmharú. B’í Joan Freeman bunaitheoir Pieta House, catharnacht atá théis an t-uafás a dhéanamh dóibh siúd a bhfuil i trioblóid agus atá ar tí deireadh a chur le chuile rud. Cabhraíonn Pieta House lena t-uafás daoine chuile bliain agus b’í an Seanadóir Joan Freeman a bhunaigh an catharnacht.