Hector ar ais ar TG4 anocht lena sraith nua – Ó Siberia go Saigon

0
779
Hector ar ais lena sraith nua ó Siberia go Saigon - Galway Daily

Tá sé ar ais! Anocht beidh Hector Ó hEochagáin thar nais ar TG4 lena sraith nua ó Siberia go Saigon.

Beidh an sraith úr nua ina bhfuil an taistealaí is clúití in Éirinn, fear nach mbíonn fuacht ná faitíos air, Hector Ó hEochagáin, ar siúl ar TG4 anocht Déardaoin an 25ú Deireadh Fómhair ag a 9.30in.

Sa sraith nua seo beimid ag faire ar Hector agus é ag tabahirt faoi aistear mór éachtrach a thosóidh i bhfad ó thuaidh i gcríocha na Sibéire sa Rúis agus a leanfaidh os cionn 8000 ciliméadar thar shléibhte, trí fhásaigh, aibhneacha agus ocht dtír éagsúla an bhealach ar fad chuig cathair nua-aoiseach Ho Chi Minh i Bítneam, nó Saigon, mar a thugan sé féin air.

8 clár in iomlán a bheas ins an sraith nua seo atá ag Hector Ó Siberia go Saigon agus seo mír beag eolas daoibh ar cad a bheidh ag teacht suas i chuile clár.

Clár 1: Anocht 25/10/2018

Tomsk sa tSibéir a chuirfidh Hector tús lena aistear i dteannta snámhaithe leac oighir agus madraí a tharraingíonn cairr sleamhnáin in aimsir faoi 30 céimm. Casfaidh sé le sagart in Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise sula dtabharfaidh sé faoi thuras bóthair chuig príomhchathair na Sibéire, Novosibirsk.

Cuirfidh sé sár-aithne ar dhaoine i ngíomhaireacht mainicíneachta, feicfidh sé bailé Rúiseach agus tabharfaidh cúirt ansin ar chréamatóiriam. Tabharfaidh sé ansin faoin aistear is faide ar thraein ar domhan, an tIarnród Tras-Sibéarach agus é ag déanamh an bhealach go dtí an Mhongóil.

Clár 2: 01/11/2018

Is sa Mhongóil a bheidh Hector, an tseachtain seo, an tír ina bhfuil an phríomhchathair is truaillithe agus is préachta ar domhan. Tabharfaidh sé cuairt ar bhaile atá brat le pubaill. Casfaidh sé le hiriseoir as an áit chun eolas a fháil ar chúlra na tíre atá sáinnithe idir an tSín agus an Rúis.

Gheobhaidh sé amach chomh maith faoin spéis mhór atá ag muintir na tíre igGeingeas Cán. Tar éis cúpla babhta súmó a dhéanamh leis na páistí, tabharfaidh sé a aghaidh ar thréadaí chun castáil le marcaigh capall nach bhfuil ach 5 bhliana a bheidh ag marcaíocht i nDearbaí na Mongóile.

Clár 3 – 08/11/2018

Is i gcathair mhór Chongqing a chuirfidh Hector tús lena thuras an tseachtain seo, an baile uirbeach is sciobtha atá fás ar domhan. Cuirfidh sé eolas ar thogra Panda – togra chun carranna a roinnt agus a bhfuil an-tóir air.

Rachaidh sé ar an traein ardluais ansin go Chengdu. Ina dhiaidh sin rachaidh sé chuig linn snámha do mhadraí agus cuirfidh sé aithne ar The Hormones, banna ceoil cailíní a bhfuil an-tóir ag muintir na Síne orthu. Tabharfaidh sé a aghaidh ó dheas ansin chuig an áit dúchais na núdal agus níos faide ó dheas ansin go Dali.

Clár 4 – 15/11/2018

I Kathmandu, smaoiníonn Hector ar an gcrith talún mór a bhí ansin sa bhliain 2015 sula gcasfaidh sé Mary as Corcaigh ar léi an Temple Bar i Kathmandu. Is ansin a shocraíonn sé an chéad Pharáid Féile Pádraig a chur ar bun sa chathair.

Caithfidh sé seal in éineacht leis na mná rialta iomráiteacha Kung Fu agus rachaidh i mbun traenála le cailíní Sherpa a bhfuil rún acu barr Shliabh Everest a bhaint amach i mbliana. Cuideoidh sé freisin le grúpa a bheathaíonn 5,000 leanbh gach lá sna sléibhte.

Clár 5 – 22/11/2018

I Dhaka, príomhchathair na Banglaidéise, is ea a thuigfidh Hector cad is cíor thuathail ann – idir dhaoine, thrácht agus ghleo ‘Ramadan’ agus ar ndóigh is í an Bhanglaidéis cathair na ricseánna. Tá siad chuile áit.

Casfaidh sé le dream a chuireann colúir ag rásaíocht, saoir bád, imreoidh sé kabadi, cluiche aisteach ach iontach cosúil le ‘leanúint’. I ndiadh tréimhse sa chistin ag bruth béilí te na Banglaidéise bíonn sé in am aghaidh a thabhairt amach faoin tír ag iascach le madraí uisce.

Clár 6 – 29/11/2018

I Yangon (Rangoon roimhe seo), príomhchathair Myanmar (Burma roimhe seo) a thosóidh a aistear. Ainneoin a bheith faoi réim rialtas atá an-ghéar, tá na daoine fáiltiúil agus suáilceach. Baineann sé triail as an cnó sú beitil a bhíonn mhuintir na háite a chogaint, rachaidh sé le lucht gluaisrothair amach sa bhfiántas sula mbaineann sé sráideanna Yangon amach.

Cuairt ar leith í seo sa tslí is go gcasann sé leis an iar-phríosúnach an Dr Ma Thi Dar agus labhraíonn leis an NA faoi Chogadh an Óipiam ó thuaidh. Casfaidh sé freisin leis an ngrúpa ‘Punks of Rangoon’ a bheathaíonn leanaí gan dídean Yangon san oíche.

Clár 7  – 06/12/2018

Tá sé 18 mbliana ó bhí Hector i Bangkok cheana agus tá athrú mór ar an gcathair ó shin. Rachaidh sé i mbun cluichíochta, ag tumadóireacht sa chuan agus siúlann sráideanna iomráiteacha na cathrach. Bíonn sé in am suaimhnis ansin agus tugann Hector aghaidh ar Tham Krabock, clinic Betty Ford na Téalainne – mainistir do dhaoine le dul i ngleic le fadhbanna andúile agus a gcónaíon siad mar a bheadh manaigh ann agus a n-ólann siad deoch donn gach lá a chuireann múisc orthu le hiad a ghlanadh.

Bíonn sé in am ansin dul trasna go Siem Reap sa Chamboid áit a gcasfaidh Hector leis na francaigh atá ag sábháil na mianaigh talún, rachaidh sé ag cleachtadh a chuid scileanna lámhaigh agus ar deireadh rachaidh ar bhád ansin go Phnom Penh.

Clár 8 – 13/12/2018

Príomhchathair na Cambóide, Phnom Penh, an chéad áit a dtabhairfaidh Hector aghaidh. Casfaidh sé le lucht grinn agus lucht bailiúcháin draimh sula mbuailfidh sé le Scott Neeson a thug cúl do Hollywood chun Ciste Leanaí na Cambóide a bhunú i 2003.

I ndiaidh peile a imirt in éineacht le leanaí gan dídean, casfaidh sé port le Tiny Toons agus as leis ansin go Vítneam. Rachaidh sé trasna go Ben Tre agus casfaidh sé le fear ar leith darb ainm Ken Horsfall. Agus mar sin i ndiaidh 4000km agus 8 seachtaine ar bóthar, bainfidh Hector ceann scríbe amach – Saigon, eisean agus mná na ngluaisrothar ina theannta.

Is léir gur sraith iontach suimiúl a bheas i gceist leis an tsraith nua seo atá ar TG4 agus é ag tosnú anocht Déardaoin an 25u Deireadh Fómhair. Bígí ag faire air.