‘Gradam Phearsa na Bliana’ do Dúchasach Chonamara

0
898
Karen Mannion

Beidh an ‘Gradam Phearsa na Bliana’ ag dul go dúchasach ó Chonamara an tseachtain seo.

Ainmíodh Karen Mannion ó Féile Ealaíne An Clochán agus Fóram Conamara, a rugadh agus a tógadh i Chonamara le haghaidh ‘Gradam Rehab do Phearsa na Bliana Gaillimhe’ mar aitheantas ar an t-ualach oibre atá déanta aici don phobal ar fad.

‘Séard ata i gceist leis na ‘Gradam Phearsa na Bliana’, a bhíonn eagraithe ag Rehab, ná deis uathúil chun onóir a thabhairt don Pobal Éireannach atá taréis fíor-difríocht a dhéanamh i beathaí daoine eile.

Tugann na ghradam seo aitheantas poiblí do dhaoine aonarach agus grúpaí atá taréis éacht a dhéanamh sa phobal áitiúl, tríd a gcuid crógacht, ceannaireacht agus rannpháirtíocht pearsanta.

Ar an Aoine beag seo, 9ú la de Mí an Mhárta beidh féasta ollmhór ar siúl san Óstán Galway Bay, áit a mbronnfar an ghradam ar Karen Mannion in ómós don t-ollmhór oibre atá agus a mbíonn ar siúl aici le haghaidh pobal Chonamara.

Tá an t-uafás molta faighte aici don obair ar fad a mbíonn ar bun aici. Dúirt Brendan Flynn ó Féile Ealaíne An Clochán;

“Nuair a dúirt Yeats ‘Cultúr is ea pobal atá nascaithe le chéile tríd a mórshiúl samhailteach,’ bhí duine ar nós Karen Mannion sa meon aige.”

“Lasann Karen ár phobal suas trí láithreacht, fuinneamh, teacht aniar, dea-toil agus cinéaltas do chuile duine. Tá sí bainteach in ana chuid gníomhaíochtaí a thugann buntáiste do leas na dhaoine.”

“Bíonn sí ag obair go crua, tiomanta agus éifeachtúil i ngach rud a mbíonn ar mbun aici agus í mar rúnaí do Féile Ealaíne An Clochán.”

Deirtear gurb iad na daoine a bhíonn ag fulaingt an chuid is mó, a bhíonn fíor cinéalta. B’shin é an fhírinne le Karen agus í ag déanamh an t-úafás dóibh siúd mórthimpeall uirthi rud a thosaigh nuair a raibh sí féin fós óg agus í ag tabhairt cabhair sa mbaile i gcónaí.

Cailleadh a dheartháir is sine sular rugadh Karen agus bhí Seargadh Matánach Dromlaigh ag a dheartháir eile Gearóid, foirm tearc do Diostróife Matánach a d’fhág Gearóid i gcathair rothaí. Ceithre bliain ina dhiadh sin saolaíodh deirfiúr Karen leis an Seargadh Matánach Dromlaigh céanna. Cailleadh Gearóid 6 seachtainí roimh na Scrúdaithe Ard Teisteaméireacht a bhí le tosú ag Karen, ach é sin ráite fós féin chuaigh Karen go dtí an choláiste in Átha Luain agus í ard scoláire ann.

Tá Sinéad, a deirfiúr ag staidéar a PhD i mBéal Feirste agus téann Karen suas agus síos léi. Bíonn Karen ag tabhairt aire di go laethúil agus bíonn sí ann do chuile coinne oispidéal a bhíonn aici, gan gearáin ar bith.

Taréis breith a dara mhac, thosaigh Karen ag obair i Fóram Conamara mar Oifigeach Forbartha Tuaithe agus is oibreoir deonach d’iomaí gníomhachtaí pobal í.Ag tógaint san áireamh saol clainne Karen, bíonn míchumas i gconaí lárnach agus is ball bunaitheoir mar aon le bheith ar an bord do Marcaíocht Teiripeach Chonamara (Connemara Therapeutic Riding) teiripe do dhaoine fásta agus gasúir míchumasach ag úsáid capaillíní Chonamara.

Dúirt Loretta O Malley Cathaoir an CLG Marcaíocht Teiripeach Chonamara faoi Karen,

“Go minic is í Karen ár guth sa phobal, ag nascadh sinn le grúpaí agus comhlachtaí tábhachtach. Is de bharr an meas atá uirthi sa phobal an cúis dúinn bheith ag éirí linn. Is iad na nascanna atá aici d’ár seirbhís a tugann fios don phobal áitiúl gur seirbhís muid a bhfuil an tacaíocht tuillte againn.”

Is rud mór é don phobal atá mórthimpeall Karen, an obair ar fad a dhéanann sí dóibh agus is léir go bhfuil an “Gradam Phearsa na Bliana Gaillimhe” tuillte go thuilleadh is go hiomlán aici. Is léir go bhfuil oíche mór go deo réachtáilte agus go bhfuil an phobal go léir réidh le céiliúradh a dhéanamh leis an ard bhean í féin Karen Mannion.