Gaillimh le Gaeilge – Seachtain na Gaeilge

0
1335
Plean Teanga Gaeilge Maigh Cuilinn -Galway Daily

Is cathair le stádas dátheangach é Gaillimh agus táid lán do spiorad ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge. Tá an coicís ag druidim i dtreo deireadh anois agus muintir na Ghaillimhe lán do spraoi, fuinneamh agus bród dá dteanga dúchais. Seo agaibh blaisín beag don méid a bheidh ar siúl an tseachtain seo sa chathair chun an teanga aoibhinn atá againn a chéiliúradh.

Luain – 12ú

Beidh Biongó i nGaeilge á reachtáil anocht ag an Cumann Gaelach OÉ Gaillimh, agus í ar siúl i Sult sa Choláiste anocht ag a 8.i.n.  Beidh oíche den chéad scoth ann, lán do chraic, Gaeilge agus tá sé ráite go mbeidh duaiseanna iontach ann freisin. Cén fáth nach rachfá?

Máirt -13ú

Beidh Maidin Chaife ar siúl idir a 10.r.n agus 12.i.n i Sult OÉ Gaillimh ar mhaithe leis an Bone Marrow for Leukemia Trust. Beidh an maidin chaife á reachtáil i gcuimhne ar Michéal Ó Loideáin, comhghleacaí an Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaeilge OÉ Gaillimh.

Beidh mórchuid do spotduaiseanna le buachan, soláistí le nithe agus togha an cheoil le cloistéal gan trácht ar na haíonna speisialta a bheidh ag bualadh isteach. Tapaidh do dheis pictiúr a ghlacadh le Corn Liam Mhic Cárthaigh.

Máirt – 13ú

Chun Seachtain na Gaeilge a chéiliúradh, tá áthas ar Galway Food Tours a fhógairt go mbeidh turas bia le Gaeilge á óstáil acu; faoi threoir ag Padraic O’ Raighne.

Is turas siúl atá ann áit a mbeidh sibh in ann blaiseadh togha agus rogha de bhia na cathrach é Galway Food tours a mhaireann dhá uair an chloig.

Gheobhaidh tú deis ar an turas, casadh le táirgeoirí ealaíne agus blaiseadh dá gcuid táirgí.

Caithfear maidin dheas ag spaisteoireacht trí Chultir Bia na Gaillimhe agus tabharfar cuairt ar chuid de na háiteanna is mó tóir ó thaobh bia de sa chathair.

Tá costas €35 an duine ar thicéad agus is féidir é a íoc ar an lá ach caithfear áit a chur in áirithe roimhré trí theagmháil a dhéanamh le Sheena ag 0867332885.

Céadaoin – 14ú 

Chun céiliúradh ar Seachtain na Gaeilge beidh an Club Leabhar CLEAS ag teacht le chéile i McNamees ar an Déardaoin, i mBaile Locha Riach.

Beidh siad ag plé an leabhar ‘An Leathnach Bán’ le Penelope Bagieu idir a 7.30.i.n agus 10.30.i.n.

Céadaoin – 14ú

Tá Dioscó dearg á chur ar siúl ag Club Áras na nGael dóibh siúd a dteastaíonn uathu tacaíocht a thabhairt do chúis na Gaeilge.

Má dteastaíonn uaibh bop cheart a bheith ag do na amhráin is fearr sa tír is foirfe an imeacht é an Dioscó deag. Beidh an imeacht ar siúl ag a 9.00.i.n agus €1 isteach.

Beidh an Airgead ar fad ag dul chun tairbhe de Lá Dearg na Mac Léinn.

Déardaoin – 15ú

Ar an Déardaoin beag seo beidh Toraíocht Taisce ar siúl sa choláiste mar chuid de Sheactain na Gaeilge.

S’iad na riachtanas iontrála ná:

1.Foireann de bheirt.
2. Costas cúig punt an fhoireann.
3.Guthán Cliste.

Beidh gach éinne ag bualadh i Smokies @11.30 agus beidh seans agaibh 2 PHAS INTERRAIL a bhuacan.

Bainigí sult as na h-imeachtaí ar fad atá ar siúl i rith na seachtaine agus sibh ag úsáid an Gaeilge.