Foláireamh tughta dóibh siúd ag snámh maidir le smugairle róin

0
909
Foláireamh tugtha maidir le smugairle róin - Galway Daily

Tá foláireamh tugtha dóibh siúd a bheas ag snámh an tseachtain seo chun a bheith cúramach de bharr smugairle róin a bheith san uisce.

Tá aimsir gleoite tuartha dúinn an tseachtain seo le teochtanna ag buaileadh suas go 30 céim celcias. Ag tús an tseachtain thug Irish Water Safety comhairle dóibh siúd a bheas ag snámh chun a bheith cúramach san uisce.

Tá foláireamh eile théis teacht chun cinn ag Galway Water Safety agus iad ag tabhairt foláireamh maidir le smugairle róin a bheith san uisce.

Chonaic baill do Club Snámha na Gaillimhe smugairle róin (Lions Mane) ag an Charraig Dhubh, Bóthar na Trá, Dé Domhnaigh agus anois táid ag tabhairt foláireamh dóibh siúd a bheas ag snámh a bheith níos cúramaí san uisce.

Seo eolas beag maidir leis an smugairle róin Lions Mane, a chonaic daoine ag an Charraigh Dhubh, Bóthar na Trá:

  • Sé an smugairle róin is mó sa domhain agus tá stoing cumachtach aige a úsáideann sé chun beir ar a chreach.
  • Deireann taighde eolaíochta go mbíonn smugairle róin faoi bhláth in áiteanna a bhíonn gníomhaíocht daoine.

Moltar do chuile duine a bheas ag snámh sna laethanta atá le teacht a bheith níos cúramaí go háirithe ag an Charraig Dhubh, i Bóthar na Trá áit ar chonaic an smugairle róin.