Féile na bhFlaitheartach ar siúl in Árainn i rith na deireadh seachtaine

0
888
Féile na bhFlaitheartach - Galway Daily

Dé Satharn an 25ú Lúnasa agus Dé Domhnaigh an 26ú Lúnasa a bheas Féile na bhFlaitheartach ar siúl in Árainn.

Is ar Liam agus ar Thomás Ó Flaithearta agus ar Mháirtín Ó Direáin a dhéanfar comóradh ag féile na bliana seo.

Tá an Féile seo ar an bhfód le 6 bhliain anois agus i mbliana beidh mórchuid do cainteoirí le cloisint.

Is í Laura Lovejoy as Coláiste Ollscoile na hÉireann Corcaigh a thabharfas an príomhléacht ag 12.30 Dé Sathairn i Teach Chill Mhuirbigh. Is é an teideal a bheas ar an léacht “The Rank of Respectability: Striapachas, Leasú Sóisialta agus an Saorstát.”

I rith an lae tabharfar cuairt ar Ghairdín Cuimmhneacháin na bhFlaitheartach i nGort na gCapall agus léifidh Fionnghuala Ní Choncheanainn gearrscéal neamhfhoilsithe le Tomás Ó Flatharta ann dar teideal “An Capall Bán”.

Déanfar siúlóid ina dhiadh ó Theach Uí Fhlaithearta go dtí Scoil Fhearann an Choirce ar na róidíní a shiúil Liam agus Tomás ar a mbealach chun na scoil sin.

San oíche i Halla Rónáin ag 8.30 cuirfidh Aisteoirí Chois Fharraige agus Comhaltas Ceoltóirí Inis Mhóir “An Merican Wake” i láthair. Leagan drámatúil é seo den ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta “Going Into Exile”. Is í Máirín Mhic Lochlainn a chuir in oiriúint don staitse é.

Dé Domhnaigh ag 12.30 i Tí Joe Mac i gCill Rónáin tabharfaidh Síobhra Aiken as Coláiste Ollscoile na hÉireann Gaillimh léacht dar teideal “Fathach File Árann: súil siar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhiréain.”

Beidh taispéantas i gcuimhne ar Mháirtín Ó Díreáin freisin i Scoil Fhearann an Choirce ar an 25ú Lúnasa.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi seo trí ríomhphoist a chuir chuig kathleenmcmahon100@gmail.com nó glaoch a chur ar 086-2662434