Deontas ceadaithe ag an Aire Stáit do Choiste Peile an Phiarsaigh, Ros Muc

0
847
Deontas ceadaithe chun Pháirc an gCeathrú Rua a gcoimeád gearrtha - Galway Daily

Tá sé tugtha le fios go bhfuil deontas suas le €23míle ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choiste Peile an Phiarsaigh, Ros Muc, chun sconsa a thógáil ag an bpáirc.

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, ar an Mháirt (6ú Samhain) go bhfuil deontas suas le €23,605 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Peile an Phiarsaigh chun sconsa nua a thógáil ag an bpáirc i Ros Muc, Co. na Gaillimhe.

Tá an maoiniú ceadaithe don choiste chun sconsa féachana nua a thógáil ag an bpáirc peile i Ros Muc. Tá an sconsa adhmaid atá timpeall na páirce faoi láthair lofa agus ní féidir caoi a chur air.

“Tá an-áthas orm an deontas seo a chadú don choiste gníomhach seo,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

“Tá áiseanna spóirt den scoth ar fáil ag Páirc na bPiarsach i Ros Muc agus tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo leis an choiste chun an pháirc agus an áit mórthimpeall a choinneáil i gcaoi mhaith.”

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.2222 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.