CúirtShakedown – Dáta Socraithe don Chás i gcoinne Cúirt na Coiribe

0
903
Chás i gcoinne Cúirt na Coiribe Galway daily

Tá dáta socraithe don chás atá Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag tabhairt in aghaidh Cúirt na Coiribe.

Tá Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag tabhairt cás in aghaidh Cúirt na Coiribe maidir leis an árdú cíosa a ghearr Cúirt na Coiribe ar na mic léinn ollscoile i Mí Bealtaine.

Cloisfear an chás ar an 20ú Iúil agus táthar ag súil go cuirfidh seo brú orthu siúd a mbíonn ag soláthrú Cóiríocht do Mhic Léinn an cíos a laghdú mórthimpeall na tíre.

Tá an chás seo tagtha chun cinn théis comhairle a fuair Comhaltas na Mic Léinn ón Aire Oideachais Mary Mitchell O’Connor agus urlabhraí Sinn Féin le haghaidh tithíochta Eoin Ó Broin.

Fuair an Comhaltas comhairle dleathach ó Scoil an Dlí in Ollscoil na hÉireann freisin.

Thosaigh an feachtas seo, Cúirt Shakedown i Mí na Bealtaine le thart ar 400 scoláire lasmuigh do Cúirt na Coiribe agus iad ag déanamh agóide in aghaidh an ardú cíosa.

D’ardaigh Cúirt na Coiribe an cíos suas chuig 18% le haghaidh an chéad téarma eile. Tháinig an t-eolas seo chuig na mic léinn thart ar a 3.20i.n ar an Aoine do Deireadh Seachtaine Saoire Bainc agus i lár an ama a rabhadar ag staidéar.

Bhí na mic léinn faoi iomarca brú cheana féin ag an am sin agus iad ag staidéar le haghaidh na scrúdaithe samhraidh.

B’é Lorcán Ó Maoileannaigh, Uachtarán Comhaltas na Mic Léinn go dtí an tseachtain seo chaite, a tháinig chun cinn leis an feachtas #CúirtShakedown agus ról lárnach aige.

Bhí Megan O’ Reilly ar an coiste Comhaltas na Mic Léinn agus í lárnach sa feachtas freisin, agus is Megan O’ Reilly, atá ag seasamh isteach mar Uachtarán nua don comhaltas.

Beifear ag tnúth le toradh a fháil i gcoinne Cúirt na Coiribe agus go gcabhróidh an chás seo le eolas a thabhairt chun cinn maidir leis an Cóiríocht do Mhic Léinn.

Is ar an 20ú lá de Mí Iúil a cloisfear an chás.