Cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord na Taibhdheirce

0
1070
Neart ar siúl sa Taibhdhearc i rith na bliana - Galway Daily

Triúr banchliamhaineacha & beirt chliamhaineacha ag bean scothaosta na Sráide Láir. Agus an Taibhdhearc ag céiliúradh 90 bliain a bunaithe, tá cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Den chéad uair, fograíodh na folúntais go poiblí agus roghnaigh painéal neamhspléach na baill nua. In iarracht aimsiú agus dearcadh níos náisiúnta a bheith ar Bhord na Taibhdheirce, ceapadh beirt nach bhfuil lonnaithe i gcathair ná i gcontae na Gaillimhe.

Ceapadh duine a bhíonn ag plé le heagraíocht eile ealaíne i gcathair na Gaillimhe. Moltaí iad seo a bhí i dTuarascáil a réitigh Jane Daly, Comhairleoir Ealaíne neamhspléach, don Taibhdhearc sa bhliain 2013.

Níor tháinig aon iarratas óThuaisceart Éireann an babhta seo. Seo a leanas na baill nua de Bhord na Taibhdheirce, is tréimhse sé bliana atá i gceist agus seal trí bliana i gcás an Chathaoirligh.

Is obair dheonach a dhéanann baill an Bhoird:

An Dr Siobhán Nic Fhlannachada as Maigh Cuilinn ó dhúcas atá ag obair i mBaile Átha Cliath le Cumann Ollscoileanna Éireann.

Bíonn Siobhán ag plé leis na scéimeanna HEAR & DARE, rochtain ar an oideachas triú leibhéal do dhaoine atá faoi míbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Iar-Reachtaire ar Chumann Drámaíochta Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ghlac Siobhán páirt i léiriúcháin de chuid na Taibhdheirce le linn a hóige.

Óige Ó Céilleachair,ó Mhaoil a’Choirne i nGaeltacht na Rinne, anois, múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh agus teagascóir Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál agus Ollscoil Luimnigh.

Tá úrscéal agus gearrscéalta foilsithe ag Ógie. Tá spéis ar leith aige sa drámaíocht, sna lúibíní agus san amhránaíocht ar an sean nós maraon leis na hamhráin nuachumtha.

Máiréad Ní Chualáin, An Cnoc, Indreabhán, Stiúrthóir Ealaíne an Chompántais Amharclainne, NoRopes i gcathair na Gaillimhe.

Tá Máiréad ag obair mar ealaíontóir cónaithe le Druid faoi láthair agus d’oibrigh sí ar léiriúcháin sa Taibhdhearc, mar shampla: Incubus le Caitríona Ní Chonaola, Gaeilgeoir Deireanach Charna le Breandán Ó hEaghra, Éistigí…Caithfear Éisteacht le Joe Steve Ó Neachtain.

Rinne Mairéad taighde faoi fhorbairt dhrámaíocht na Gaeilge sa tréimshe 2003 go 2013 in Iarthar na hÉireann.

Trevor Ó Clochartaigh, is céimí tráchtála é atá ag obair mar Bhainisteoir Cumarsáide TG4. Iar-Bhainisteoir/Stiúrthóir Ealaíne ar an Taibhdhearc  agus duine de bhunaitheoirí an chompántais Na Fánaithe i gcathair na Gaillimhe.

D’oibrigh Trevor mar stiúrthóir le Ros na Rún agus le Fair City. Chaith sé blianta ag teagasc agus ag eagrú cúrsaí drámaíochta i scoileanna ar fud na tíre.

Orla King, as na Doireadha, Baile na hAbhann ó dhúchas, tugadh cuireadh d’Orla a bheith ar an mBord mar gheall ar a cuid taithíagus saineolais i réimse na nAchmhainní Daonna.

D’oibrigh Orla mar chomhairleoir achmhainní daonna le TG4 agus in Údarás na Gaeltachta. Chaith sí blianta ag obair le Telegael, in Eo Teilifís agus le Greasán na Meán ar an Spidéal.

Dúirt Aodh Ó Coileáin, Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce:

“Is cúis mhisnigh dúinn líonn na n-iarratas a fuaireamar, cruthúnas ar an tábhacht i súile an phobail a bhaineann leis an gcoincheap, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

“Rachaidh an fuinneamh úr agus an measán scilleanna agus buanna go mór chun tairbhe na Taibhdheirce agus pleananna agus straitéisí á leagan amach againn.

“Táimid ar fad ag súil le BAOITE le Darach Mac Con Iomaire, léiriú na Taibhdheirce d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe an mhí seo chughainn.”