Crinniú á reachtáil go luath maidir le Plean Teanga, Bearna – Cnoc na Cathrach

0
1471
Plean Teanga - Crinniú

Beidh crinniú á reachtáil go luath maidir le Plean Teanga, Bearna – Cnoc na Cathrach.

Beidh an crinniú poiblí ar siúl ar an Máirt an 29ú lá de Mí na Bhealtaine i gColáiste na Coiribe at 7.30i.n, áit a mbeidh tae/caife, soláistí agus ceol ar fáil óna 7.15i.n. ar aghaidh.

Caithfear ríomhphoist a sheoladh chuig pobal@ptbc.ie más mian leat a bheith i láthair ar an oíche.

Bunaíodh grúpa idir an dá phobail i mí Iúil 2017 chun scagadh a dhéanamh ar bhealaí chun an Ghaeilge a chur in úsáid níos mó sa phobal.

Faoi láthair tá coiste Plean Teanga, Bearna – Cnoc na Cathrach (PTBC) ag fiosrú an bhfuil suim ag daoine an Ghaeilge a chur chun cinn i mBearna agus i gCnoc na Cathrach.

suirbhé ar líne acu gur féidir leat líonadh isteach nó is féidir leat do barúlacha, moltaí agus coincheapanna a sheoladh chuig an rúnaí ag pobal@ptbc.ie nó glaoch a chuir ar 089 6173978.

Le sin tá Údarás na Gaeltachta tar éis 44 baile fearainn i gcomharsanacht le Bearna-Cnoc na Cathrach a aithint chun críche plean teanga don Ghaeilge atá le forbairt ins na blianta beaga le teacht.

Beidh tú in ann na n-ainmneacha dos na baile fearainn ar fad a fheiscint go luath ar an suíomh www.ptbc.ie

Caithfear a bheith cinnte ríomhphoist a sheoladh go pobal@ptbc.ie más mian leat freastal ar an crinniú a bheas ar siúl ar an Máirt an 29ú lá de Mí na Bhealtaine.