Comhdháil AranLIFE 2018 le bheith ar siúl ar an 11ú & 12ú Meán Fómhair

0
762
Comhdháil AranLIFE ar siúl in Inis Mór - Galway Daily

Tá áthas ar togra AranLIFE a fhógairt go mbeidh Comhdháil AranLIFE 2018 ar siúl ar an 11ú & 12ú Méan Fómhair.

Dé Máirt agus Dé Céadaoin seo chughainn an 11ú agus 12ú Meán Fómhair a bheas an Comhdháil AranLIFE ar siúl in Inis Mór, Oileáin Árann.

Is í aidhm na Comhdhála ná múnla AranLIFE agus torthaí an togra a chur i láthair, chomh maith le turais chuig réimse suíomhanna áit go bhfuil oibreacha curtha i gcrích.

Fiosróidh an comhdháil conas go bhféadfaí múnla AranLIFE a  fhorbairt do cheantair eile feirmeoireacht le meas ar an dúlra laistigh de chláir comhshaoil talamaíochta faoi cheannas áitiúl.

Seo a leanas sceideal comhdháil AranLIFE a bheas ar siúl in Óstán Árann, Cill Rónáin.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil trí ríomhphoist a sheoladh chuig aranlifeproject@gmail.com