Cócaireacht i nGaeilge ag SeaFest i mbliana

0
793
SeaFest Cócaireacht i nGaeilge

Cuirfear tús le Seafest Dé hAoine, 29 Meitheamh agus mar chuid den bhféile i mbliana beidh taispeántas cócaireachta i nGaeilge.

Seo an tarna bhliain a bheas SeaFest, féile náisiúnta mhuirí na hÉireann, ar siúl i nGaillimh Dé hAoine, an 29ú Meitheamh go dtí Dé Domhnaigh, an 1ú Iúil.

Tá SeaFest mar príomhchuid Feidhm a bhaint as Saibhreas ár nAigéin: Plean Comhtháite Muirí d’Éirinn (HOOW) agus is é an cuspóir atá aici ná rannpháirtíocht agus idirchaidreamh leis an bhfarraige a mhéadú.

Déanann SeaFest an Cruinniú Mullaigh, Saibhreas ár nAigéin agus imeachtaí eile gnó agus taighde a chur ar bun comh maith.

Féile spraíuil saor in aisce shamhraidh é SeaFest do gach aois agus áiríte le clár na n-imeachtaí aonach  bia mara, taispeántais chócaireachta bia mara le chefanna móra le rá agus spraoi don teaghlach ar muir.

Tabharfar daoine ar thurais timpeall ar árthaí a sheoltar ar an aigéan, árthaí fóillíochta agus ar bháid, cuirfear taispeátais ar siúl ar bheatha mhuirí agus beidh go leor gníomhaíochtaí spraíúla agus oideachasúla eile ar siúl.

Mar chuid den féile i mbliana beidh taispéantas cócaireachta i nGaeilge urraithe ag Udarás na Gaeltachta agus beidh an taispeántas sin ar siúl Dé hAoine, 29ú Meitheamh & Dé Domhnaighh 1ú Iúil, 3i.n. sa Veain Taispéantais Gastranamaíochta.

Chun an clar iomlán de SeaFest a fheiscint is féidir dul chuig seafest.ie agus más mian leat is féidir SeaFest a leanúint ar Facebook, Twitter agus Instagram