Ceolchoirm sa bPoitín Stil ar an 4ú Lúnasa

0
889
Ceolchoirm i sa bPoitín Stil

Beidh Ceolchoirm ar siúl sa bPoitín Stil, an deireadh seachtaine seo ar mhaithe le Ciste Athchóirithe Dumhach na Leanbh.

Tá ceolchoirm mór á eagrú ar mhaithe le Ciste Athchóirithe Dumhach na Leanbh, ar an Satharn seo chughainn, 4 Lúnasa sa bPoitín Stil, Indreabhán.

Beidh an ceolchoirm ag tosú ag 9i.n. lé roinnt mhaith ceoltóirí agus ámhránaithe, damhsóirí, agallóirí éagsúla ag glacadh páirte, idir óg agus aosta.

Ina measc beidh, Johnny Óg Connolly, Luisne agus Aisling Ní Neachtain, Róisín Elsafty, Caitríona Ní Cheannabháin, Nansaí Ní Choistealbha, Micheál Deaib Ó Fátharta agus roinnt mhaith eile.

Ceoltóirí Óga Cois Fharraige a chuirfidh tús leis an oíche. Sí Caitlín Ní Chualáin a bheas ina bhean a’ tí don ócáid.

Beidh roinnt mhaith duiaseanna le buachaint sa raifil ar an oíche chomh maith.

Tá os cionn 300 ticéad díolta cheana féin don ócáid agus beidh ticéidí le fáil ar an ndoras chomh maith ar €5 an ceann.

Úsáidfear an t-airgead a bhaileofar, le athchóiriú agus caomhnú a dhéanamh ar an reilig ar an gcladach sa dTeach Mór, Indreabhán, reilig ar a thugtar ‘Dumhach na Leanbh’ atá i mbaol ó chreimeadh farraige.

Is faoi scáth Cumann Forbartha Chois Fharraige atá an obair á dhéanamh agus tá fochoiste den Chumann Forbartha i mbun na hoibre, ar a bhfuil Breandán Ó Tuairisg ina chathaoirleach air agus Mamie Ní Chualáin ina runaí.