Cairde ó An Clochán chun tabhairt fé rothaíocht 310km le seaicéad tarrthála á caitheamh acu

0
974
Pictúir de chuid Clifden/RNLI

Tá cairde ó An Clochán chun tabhairt fé rothaíocht 310km le seaicéad tarrthála á caitheamh acu.

Tá ócaíd tiomsaithe airgid le bheith ar siúl ar an 16ú Meán Fomhair 2018 áit a bheas ceathrar cairde ag rothaíocht 310km ó Baile Átha Cliath go dtí An Clochán i Contae na Gaillimhe agus iad ag caitheamh seaicéad tarrthála don aistear ar fad.

Beidh meicneoir stáisiún RNLI An Clochán ag rothaíocht taobh le John James Flahery, Daniel King agus Ciaran Hickey.

Tosnóidh an ceathrar amach ón Oifig Réigiúnach ata ag an RNLI i Sord Baile Átha Cliath ar an maidin Domhnach 16ú Méan Fomhair agus iad ag déanamh an slí trasna na Sionainne go dtí go shroicfidh siad an Stáisiún RNLI ins An Clochán.

Seo mar a dúirt eagrathóir Rob King,

“De bharr go bhfuil an suim céanna againn uilig i rothaíocht lenár clubanna áitiula shíleamar gur smaoineamh maith é turas mar seo a thógáil ag tiomsú airgead agus feasacht a árdú timpeall sábháilteacht uisce ag an céanna.

“Braithimid de bharr go bhfuil seaicéad tarrthála chomh dlúth na laethanta seo go mbeadh an aistear seo in ann thaispeáint cé chomh éasca atá sé chun ceann a chaitheamh.

“An teachtaireacht búnúsach atá againn ná más féidir linn cheann a chaitheamh, is féidir leatsa,” a chríochnaigh sé.

Is féidir deontais a thabhairt tríd an nasc seo a leanúint.

Is catharnacht é an RNLI a shábhálann beathaí ar an bhfarraige agus braitheann ar an RNLI ar deontaisí ón pobail agus oidhrreachta chun leanúint ar aghaidh leis an seirbhís tarrthála.

Is ar an Domhnaigh an 16ú Meán Fomhair a bheas an ceathrar cairde ag tabhairt fé an aistear ó mBaile Cliath trasna na Sionainne go dtí An Clochán anseo sa Gaillimh.