Beidh céiliúradh ar cheithre bliana déag d’Otharlann na mBéiríní

0
932
Céiliúradh Otharlann na mBéiríní

Déanann mic léinn leighis OÉ Gaillimh céiliúradh ar cheithre bliana déag d’Otharlann na mBéiríní.

Reáchtálfar 14ú Otharlann na mBéiríní in Ollscoil na hÉireann Gaillimh i mbliana ar an Déardaoin agus an Aoine beag seo, an 17 agus an 18 Eanáir.

Tiocfaidh breis agus 1,200 páiste bunscoile chuig an ospidéal lena mbéiríní tinne le go gcuirfí cóir leighis orthu.

Is é Cumann Sláinte OÉ Gaillimh atá i mbun an ócáid a eagrú. Díríonn an cumann ar gach gné den tsláinte fhisiciúil agus den mheabhairshláinte a chur chun cinn.

Beidh suas le 200 mac léinn leighis, cúraim sláinte agus eolaíochta i láthair chun na béiríní a dhiagnóisiú agus a leigheas. Tá súil acu go gcuideoidh an ócáid le páistí idir 3-8 mbliana d’aois a bheith ar a suaimhneas le dochtúirí nó i dtimpeallacht ospidéil.

Tá béiríní tugtha chuig an ospidéal ag páistí i gcaitheamh na mblianta agus iad ag samhlú go raibh réimse leathan tinnis ag gabháil dóibh, leithéidí cluasa tinne, boilg bhreoite agus gach cineál easláinte eile faoin spéir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Anna Lynam, mac léinn le Teiripe Shaothair sa dara bliain in OÉ Gaillimh agus comh-iniúchóir an Chumainn Sláinte:

“Táimid ag súil go mór le 14ú Otharlann na mBéiríní i mbliana. D’ainneoin go bhfuil borradh ag teacht ar an éileamh ó scoileanna, déanaimid tréaniarracht freastal ar an líon is mó scoileanna agus is féidir; ar ndóigh, níl ach an chóir leighis is fearr dá bhfuil ann tuillte ag gach béirín i nGaillimh.

“Táimid ag fanacht go foighneach ar na chéad ‘othair’ agus tá súil againn gur atmaisféar spraíúil agus spreagúil a bheidh rompu”.

Tá 29 bunscoil áitiúil agus breis agus 1,200 páiste ag glacadh páirte san ócáid i mbliana. Gabhfaidh na páistí i gcomhairle le duine de na dochtúirí béiríní tar éis dóibh a theacht i láthair ag Otharlann na mBéiríní ar an gcampas.

Déanfaidh na dochtúirí scrúdú ar na ‘hothair’ agus tabharfar oideas dóibh, agus cuirfear ar atreo ansin iad le haghaidh obráide nó x-gha. Beidh meaisíní speisialta x-gha agus MRI ag na mic léinn ar fhaitíos go mbeidís ag teastáil ó na béiríní.

Beidh na béiríní atá ag teacht chucu féin in ann ábhair leighis a fháil i gCógaslann na mBéiríní, áit a mbeidh torthaí sláintiúla le fáil a bhuíochas le Total Fruit agus Fyffes, mar aon le hábhair leighis urraithe ag Cógaslann Matt O’Flaherty.

Nuair a bheidh an méid sin curtha díobh acu, beidh deis ag na páistí spraoi ar an bpreabchaisleán agus beidh Cumann Sorcais OÉ Gaillimh i mbun siamsaíochta. Is iad Bank of Ireland, an Cumann Cosanta Leighis agus Dunnes Stores a chuir an urraíocht ar fáil chun an ócáid a reáchtáil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ríona Hughes, Oifigeach na gCumann in OÉ Gaillimh:

“Is deis iontach é Ospidéal na mBéiríní don chumann chun cuireadh a thabhairt do pháistí agus a mbéiríní chuig an gcampas agus chun taithí luachmhar foghlama a chur ar fáil do chách.

“Tá sé ar cheann de na cláir for-rochtana pobail is taitneamhaí agus is spraíúla atá idir lámha ag cumainn OÉ Gaillimh agus táimid an-bhródúil as a rathúla is atá sé.

“Comhghairdeas leis an gCumann Sláinte a thugann deis do líon chomh mór dár gcuid mac léinn a bheith rannpháirteach san ócáid dhearfach seo agus tá súil againn go mbainfidh gach duine a bheidh páirteach ann an-sult as an gcúpla lá seo.”