Beagnach 3,000 daltaí ón nGaillimh ag fáil torthaí Ardteistiméireachta inniu

0
818
Galway Daily news Repeat Exam fees

Tá beagnach 3,000 dalta ón nGaillimh ag fáil na torthaí Ardteistiméireachta ar maidin.

Leis an obair ar fad déanta i rith na bliana, an staidéar ar fad agus na scrúdaithe críochnaithe níl faic le déanamh anois acu ach fanacht leis na torthaí.

Ar maidin beidh; 1,515 cailíní agus 1,465 leaid óg ón nGaillimh ag fáil na torthaí Ardteistiméireachta agus iad ag súil gur dheineadar a ndóthain chun na pointí a fháil dos na cúrsaí gur mian leo dul isteach iontu i gceann míosa.

Beidh 38 cailín, agus 55 leaid óg ón nGaillimh ag fáil na torthaí ón Ardteistiméireacht Feidhmeach ar maidin freisin agus iad uilig ag tnúth le torthaí mhaith.

Beidh na torthaí le fáil ins na scoileanna ar maidin agus dóibh siúd nach bhfuil in ann an aistear a dhéanamh thar nais go dtí an scoil is féidir na torthaí a fháil ar líne ó meán lae ar aghaidh ar an suíomh seo.

Seo é an dara bhliain don chóras grádála nua a chuireadh chun cinn i 2017, agus laghdaíonn sé na méid gráid ó 14 sa sean-chóras a bhí ann ó 1992 go 8 sa chóras nua.

Scéal den scoth a bhí ann don Gaeilge ar maidin freisin de bharr gur éirigh le 46.1% don 22,400 duine a dhein scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hArdteistiméireachta i mbliana ceann de na trí ghrád is airde a fháil.

Guímís gach rath ar na daltaí uilig ar maidin agus iad neirbhíseach ag déanamh an aistear thar nais go dtí an scoil.