Aontas na Mac Léinn Gaillimh ag cáineadh cíos sracaí do scoláirí

0
904
Aontas na Mac Léinn ag cáineadh cíos sracaí

Tá Aontas na Mac Léinn Gaillimh ag cáineadh na praghasanna cíos sracaí do suas go €250 in aghaidh na seachtaine.

De réir mar a thagann lóistín só do mic léinn trasna na cathair, is léir go mbeadh scoláirí i bhfad níos fear morgáiste a thógaint amach in ionad cíos sa chathair sa lá atá inniu ann.

Inné bhí Aontas na Mac Léinn Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Aontas na Mac Léinn Institiúd Teicneolaíocht Gaillimh Maigh Eo(GMIT) ag cáineadh go láidir praghasanna na lóistín só do mic léinn atá ag teacht suas mórthimpeall an cathair.

Tagann seo théis ar fógraíodh lóistín nua do mic léinn ar an margadh ag praghas €250 in aghaidh an tseachtain i lár na cathrach agus ó Ionad eile ar Bóthar Mór a bheas €200 in aghaidh na seachtaine.

Dúirt Aaron Burke, Uachtarán Aontas na Mac Léinn GMIT go b’fhéadfadh an cineál cíos seo brú ollmhór a chur ar tuismitheoirí agus scolairí uilig, go háirithe nuair atáid ag streachailt le fanacht sa choláiste. Dúirt sé freisin nach bhfuil ráta an deontas théis ardú ó 2012 cé go bhfuil praghasanna cíos ag ardú bliain ina dhiadh bliain ar feadh sé bhliana anuas.

Labhair Megan Reilly, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Ollscoil na hÉirean Gaillimh freisin agus dúirt sí nach bhfuil sé ceart ná cóir go mbeadh scoláirí ag íoc sua go €1,250 in aghaidh an mhí do seomra amháin in árasáin.

Tá an dá Aontas na Mac Léinn ag ullmhú in éineacht le One Galway Movement chun Campout Gearrchéime a bheith acu ins An Fhaiche Mhór ar an 11ú Meán Fomhair.

Chun tuilleadh eolas a fháil is féidir dul i dteagmháil le Aaron Burke, Uachtarán, Aontas na Mac Léinn GMIT ar 0852775075 nó le Megann Reilly, Uachtarán, Aontas na Mac Léinn Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar 086 3855502