An tUachtarán ó hUigínn le freastal ar Seirbhís Comórtha sa Cathair

0
1033
Uachtarán ó hUigínn ag freastal ar Seirbhís Comórtha an deireadh seachtaine seo

Beidh an tUachtarán Michael D.Ó hUigínn ag freastal ar seirbhís comórtha sa Cathair an deireadh seachtaine seo.

Ar an Satharn an 18ú Lúnasa, beidh an tUacharán Ó hUigínn ag freastal ar seirbhís comórtha maidir leis na dúnmharaithe Mám Trasna.

Beidh an seirbhís ar siúl san Ardeaglais i Cathair na Gaillimhe agus buailfidh an tUachtarán le Sliochtnóid Meiriceánaigh de chuid Maolra Seoighe ar ciontaíodh go héagórach maidir le dúnmharú do teaghlach i Mám Trasna sa bhliain 1882.

Murdair Mhám Trasna - TG4
Maolra Seoige

Ar an 4ú Aibreán 2018 dhein an tUachtarán Ó hUigínn párdún iarbháis a bhronnadh ar Mhaolra Seoige, ó Tuaisceart Chonamara, a crocadh go héagórach 136 bliana ó shin.

Shínigh an tUachtarán an barántas a fhuasclaíonn Maolra Seoige óna chiontú ag ócáid a bhí ar siúl in Áras an Uachtaráin an tráthnóna 4ú Aibreán 2018.

I Lúnasa 1882 a tharla na dúnmharaithe is measa sa 19ú céad áit ar dheineadh ionsaí ar teaghlach ar fad ina dtigh féin. Maraíodh cúigear den seisear sa tigh an oíche san, ní raibh an duine is óige ach ceithre mbliana déag agus an duine is sine 80.

Bhí Maolra Seoighe ar dhuine de thriúir a ciontaíodh agus a crocadh de bharr na dúnmharaithe sin ach ar an 4ú Aibreán 2018, tugadh faoiseamh éigin dá chlann nuair a shín an tUachtarán an barántas.

Is ar an Satharn seo an 18ú Lúnasa ag a 11r.n. a bheas an Seirbhís Comórtha ar siúl i Cathair na Gaillimhe agus buailfidh an tUachtarán le Sliochtnóid Meiriceánach de chuid Maolra Seoighe.