An Taibhdhearc fós ag céiliúradh 90 bliain ar an bhfód

0
957
Neart ar siúl sa Taibhdhearc i rith na bliana - Galway Daily

Tá An Taibhdhearc fós ag céiliúradh 90 bliain ar an bhfód agus tuilleadh imeachtaí ar siúl acu i rith Mí na Samhna.

Tá cúpla oíche fíor speisialta eagraithe agus An Taibhdhearc fós i mbun céiliúradh 90 bliain ar an bhfód.

Dé Céadaoin an 7ú Samhain sa Taibhdhearc tabharfaidh Taibhdhearc@90 i gcomhpháirt le Arts in Action, Ollscoil na hÉireann Gaillimh ‘Cartlann, Ceol, Cuimhní…’ aitheantas do dhuine dá hiníoní ba cháiliúla.

Roinnfidh dlúthchara le Siobhán Nic Cionnaith, Lelia Doolan, cuimhní agus scéalta geala na n-aisteoirí Gaeilge is mó da bhfuil is dá raibh ann, déanfaidh sí tagairt ar chartlann na Taibhdheirce freisin atá i dtaisce Leabharlann Sheamuis Uí Ardagáin in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Casfaidh Johnny Óg Connolly ‘An Spéirbhean Ríonda’ píosa a chum sé in ómós do Shiobhán Nic Cionnaith.

Beidh Rita Connolly ar an stáitse ag canadh amhráin Shaun Davey le buíon ceoil. Is ar a 8 a chlog istoíche Dé Céadaoin an 7ú Samhain a bheas an imeacht seo ar siúl. Costas na ticéid ná €20/€15 agus tá costas €50 ar ticéid do chlann (2 duine fásta agus 2 ghasúr.)

Ar an Satharn an 10ú Samhain ansin beidh Aisteoirí Bhréannáin ó Chorca Dhuibhne ar stáitse na Taibhdheirce le ‘Blaiseadh de Dhrámaí ó Chorca Dhuibhne.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi na himeachtaí uilig a bhíonn ar siúl ins An Taibhdhearc trí dul go dtí na imeachtaí ar an suíomh idirlín anseo.