An bhfuil suim agat a bheith bainteach le Plean Teanga Gaeilge Maigh Cuilinn?

0
855
Plean Teanga Gaeilge Maigh Cuilinn -Galway Daily

An bhfuil suim agat a bheith bainteach le cur i bhfeidhm Plean Teanga Gaeilge Maigh Cuilinn?

Faoi láthair tá Forbairt Phobail Mhaigh Cuilinn agus Conradh na Gaeilge ag obair le chéile chun plean teanga a chur le chéile do Mhaigh Cuilinn.

Próiséas atá i gceist agus mar chuid do sin tá taighde ar bun leis na tuairimí agus na smaointí atá ag an bpobal anseo a chloisteáil agus táthar ag súil go mbeidh an méid is mó daoine gur féidir páirt a glacadh sa phróiséas seo.

Beifear á scaipeadh ceistneoirí go luath, ar thuismitheoirí, scoileanna, grúpaí pobail, gnónna agus eile le tuairimí a fháil ar chonas dul chun cinn leis an teanga.

Eagrófar roinnt fócas-ghrúpaí sna míosaí amach anseo chun níos mó plé a dhéanamh ar stad reatha na Gaeilge agus na féidearthachtaí a bhaineann lé sa todhchaí.

Bainfear úsáid as an taighde seo uilig mar bhunús don phlean teanga. Nuair atá dréacht den phlean teanga curtha le chéile, déanfar comhairliúchán poiblí agus beidh deis eile ag an bpobal tuairimí a léiriú faoin mhéid atá istigh ann.

Beidh an plean teanga níos láidre agus níos éifeachtaí má tá an pobal rannpháirteach sa phróiseas seo, agus is é seo an fáth gur mhaith le Forbairt Phobail Mhaigh Cuilinn agus Conradh na Gaeilge an oiread daoine agus gur féidir a spreagadh le páirt a ghlacadh sa phróiseas taighde seo sna seachtainí amach romhainn.

Má tá suim agaibh a bheith páirteach téir i dteagmháil le Gaeilge Maigh Cuilinn ar Facebook agus tabhairfidh siad na sonraí uilig daoibh.