Picture special: President Michael D. Higgins visits NUI Galway

0
961
michael d higgins president in galway

President of Ireland, Michael D. Higgins delivered the keynote speech at a Symposium on Conradh na Gaeilge and the Revival of Irish today in the Aula Maxima, NUI Galway.

The day-long symposium, ‘125 Bliain ag Fás – An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge’, is the University’s main event for Bliain na Gaeilge, which marks the 125th anniversary of the establishment of Conradh na Gaeilge.
Michael D Higgins
President of Ireland, Michael D. Higgins Gives Keynote Speech at a Symposium on Conradh na Gaeilge and the Revival of Irish in the Aula Maxima, NUI Galway on Friday, 15 June The day-long symposium, ‘125 Bliain ag Fás – An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge’, is the University’s main event for Bliain na Gaeilge, which marks the 125th anniversary of the establishment of Conradh na Gaeilge.
Michael D HIggins
Viewing extracts from Conradh na Gaeilge Archive held in NUI Galway are pictured l-r: President of NUI Galway, Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, President of Ireland, Michael D. Higgins, Cuan Ó Seireadáin, Conradh na Gaeilge, and looking on from back l-r: are Dr John Walsh and Dr John Cox from NUI Galway. Photo: Aengus McMahon
Attending a Symposium on Conradh na Gaeilge and the Revival of Irish at NUI Galway are pictured l-r: Dr Niall Comer, Conradh na Gaeilge, President of Ireland, Michael D. Higgins, Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, President of NUI Galway and Dr John Walsh, NUI Galway. Photo: Aengus McMahon
Viewing extracts from Conradh na Gaeilge Archive held in NUI Galway are pictured l-r: President of NUI Galway, Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, President of Ireland, Michael D. Higgins and Cuan Ó Seireadáin, Conradh na Gaeilge. Photo: Aengus McMahon
Attending a Symposium on Conradh na Gaeilge and the Revival of Irish at NUI Galway are pictured l-r: President of Ireland, Michael D. Higgins and Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, President of NUI Galway. Photo: Aengus McMahon

Michael D. Higgins gave the following speech as Gaeilge at the event.

A Dhaoine uaisle,

Ar an gcéad dul síos is mian liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil libh as ucht an fhíorchaoin fáilte a d’fhear sibh romham. Is mór dom a bheith anseo in bhur dteannta ag an ollchomhdháil speisialta seo atá á heagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann Gaillimh.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh, agus guím gach rath air dos na blianta atá le teacht.  Gabhaim buíochas chomh maith le hIar-Uachtarán na hOllscoile, James J Browne, leis an Dochtúir John Walsh ó Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, leis an Dochtúir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, as ucht caoinchuireadh a thabhairt dom bheith i láthair ag an ócáid seo.

Agus nach suimiúl an clár atá leagtha síos dúinn inniu. Chuala sibh ar maidin ó Alan Esslemont maidir le tábhacht an chraic trí Ghaeilge, agus ón Dr. Máire Harris maidir le hEoin Mac Néill. Thug an tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin aitheasc ar Canúint agus Caighdeán agus an Conradh agus labhair an Dr Hugh Rowland romham i dtaca leis na seascadaí agus cad a bhí ar siúl ag an gConradh an tráth sin.

Níos déanaí beidh Dr John Walsh ag labhairt faoi chraoltóireacht trí Ghaeilge ó bunaíodh an Stáit, beidh An tOllamh Regina Uí Chollatáin ag labhairt faoi ghuth na mBan in Iriseoireacht na Gaeilge agus Cuan Ó Seireadáin ag labhairt faoi Chartlann an Chonartha. Tá aiféala orm nach bhfuil sé ar mo chumas a bheith libh don phlé a bhí agus a bheidh agaibh ar na hábhair shuimiúla agus thábhachtacha seo, ach táim ag súil go mór na páipéir éagsúla a léamh nuair a sheolfar amach iad.

Sa saol nua seo atá os ár gcomhair tá ról an Chonartha chomh tábhachtach agus a bhí i ré Dhubhghlas de hÍde. San aois seo tá sé de dhualgas orainn, im’ thuairimse, mar chaomhnóirí oidhreacht an Chonartha, agus mar chaomhnóirí ár gcultúir, an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha laethúil in Éirinn le fuinneamh ar leith, ag tógáil san áireamh dúshláin agus féidearthachtaí an lae inniu.

Tá 2018 fógraithe mar “Bliain na Gaeilge”. Leis an teideal sin curtha ar an mBliain, tá dualgas orainn a bheidh i ndáiríre faoi úsáid laethúil na teanga agus faoi thodhchaí úsáid na Gaeilge. Caithimid aon leisciúlacht a chur ar leataobh agus níl aon amhras ná go bhfuil iarracht bhreise, nua ag teastáil ó gach leibhéal de chóras riaracháin an Stáit. Caithim a rá nach leor an eiseamláir atá  le feiceáil ó na leibhéil is airde sa státchóras, iadsan a bheadh in ann difríocht mhór a dhéanamh trína sampla agus leis na hacmhainní atá ar fáil acu.

Sa chomhthéacs reatha seo tá sé intuigthe gur aithnigh coiste eagraithe na comhdhála seo plé agus cíoradh ar athbheochan na Gaeilge agus ról Chonradh na Gaeilge ann mar théama agus muid ag ceiliúradh Bliain na Gaeilge 2018. Tá sé oiriúnach mar théama i  gcomhthéacs ár gcomóradh 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge agus cinneadh stairiúl, fíor-thábhachtach an Chonartha a chartlann a chur i dtaisce go buan i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin anseo in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Eiseamláir do chách maidir le hathbheochan na Gaeilge ná Dubhghlas de hÍde – An Craoibhín Aoibhinn. Cuimhnímid air go speisialta inniu agus comóradh ochtó bliain a oirnithe mar chéad Uachtarán na tíre seo ag teacht, seachtain ó Dé Luan seo chugainn, an 25ú lá de Mheitheamh.

B’fhiú dúinn a aithint gurbh é an dúil a bhí ag Dubhghlas de hÍde sa Ghaeilge agus i nósanna cultúrtha na tíre seo, dúil a shaothraigh sé ag leibhéal domhain, go saonta, agus go muiníneach agus a bhí in ómós do litríocht na hÉireann, ba é an dúil sin a chuir an ruaig ar aon sórt cúngaigeantachta i nDubhghlas de hÍde. Fear oilte, il-teangach agus fadradharcach a bhí ann.

Chaith sé an dúil sin go macánta agus go bródúil. Cé go raibh sé ag snámh in aghaidh easa ar feadh cuid mhaith dá shaothar, bhí fís aige tógtha ó na glúnta a bhí imithe ach dírithe ar na glúnta a bhí le teacht. Sheas sé an fód agus thuill sé dea-mheas na ndaoine sa bhaile agus i gcéin.  Níor chuir sé iontas ar éinne, nuair a tháinig an t-am chun duine a roghnú mar chéad Uachtarán na hÉireann, go raibh a ainm ar bharr an liosta.

An meas a bhí ag a chomhpháirtithe air, mar cheannaire ar ghluaiseacht na hathbheochana agus an meas a bhí acu ar a ghrá do chultúr na hÉireann, ba iad sin na cúiseanna fíor-láidre gur roghnaíodh é don Uachtaránacht. Cuimhnigh arís gur domhan mórthimpeall orainn a bhí anordúil a bhí ann ag an am, le fás an fhaisisteachais thar timpeall na hEorpa agus an bochtanas agus an t-éadóchas a tháinig ar raon de thíortha sa tréimhse deich mbliana sin leis an Spealadh Mór (Great Depression).

Chun ceannaireacht chuí a thabhairt do mhuintir na tíre seo ba eisean a tháinig, mar idéal, go mór le coincheap Oifig na hUachtaránachta a bhí mar chuid lárnach den Bhunreacht nua. Mar iarrthóir ar an Uachtaránacht rinne Dunleavy agus Dunleavy cur síos ar mheon an taidhleora mheiriceánaigh John Cudahy ag an am: “Hyde’s candidacy, Cudahy believed, reflected the conception of the office held by the framers of Ireland’s new constitution: ‘one of permanence, a symbol of Ireland, one of dignity and representation far removed from the tumult and hurly burly of political strife.’”[1]

I nDún Gar i gContae Ros Comáin a rugadh é. Ba ansin, go deimhin, ar spreagadh é agus ar thosaigh sé a thuras pearsanta agus poiblí le bheith ina Ghaeilgeoir agus ina Hibernophile. Ba ansin a chluin sé teanga folaithe na ndaoine aosta – an Ghaeilge. An teanga a bhí ag an ngnáthphobal, an teanga a bhí ag na bochtáin aosaithe, ba í a mheall é. An meas a bhí aige ar dhaoine eile mórthimpeall air, dar ndóigh, a bhí taobh thiar den smaointeachas seo.

Thuig sé go raibh oidhreacht na nÉireannach le haithint sna nithe laethúla den saol thar timpeall air: sa ghnáth-idirghníomh i measc na ndaoine agus sna sean-amhráin de chuid na ndaoine aosta. Ba iad a spreag a chuid suime in amhráin an phobail agus a mheall chun aistir é. Scríobh sé Ámhráin Ghrá Chúige Chonnacht agus a shaothair eile dá bharr.

Thuig sé go sciobtha an baol a bhí ann maidir leis an teanga, agus go raibh an Ghaeilge, agus an cultúr Gaelach ar imeall a mbáis. Thuig sé leis go raibh géarghá le ghluaiseacht náisiúnta chun í a choimeád slán. Agus ní raibh sé leis féin ina thuairimí.

I Márta 1893, leag Eoin Mac Néill a thuairim féin síos in Irisleabhar na Gaeilge. Dar leis:

“…gan amhras is féidir linn an Ghaeilge a choinneáil beo. Mura gcoinnítear beo í, is sinne a bheas ciontach lena bás. Cuirimis romhainn feasta í a choinneáil beo.”

Bhí Eoin Mac Néill ag lorg bunú eagraíochta chun ceannaireacht a léiriú agus ba go fonnmhar a ghlac Conradh na Gaeilge leis an dúshlán sin.  Nuair a bunaíodh an Conradh i mí Iúil 1893 bhí pobal na hÉireann in ísle brí agus bhí an tír faoi réimeas Impireacht na Breataine.  Bhí an lámh in uachtar ag an mBéarla agus bhí ár dteanga dhúchais faoi chois, gan stádas agus ag fáil bháis de réir a chéile.

Bhí smaointe Dhubhghlas de hÍde, Uí Néill agus a gcomhghleacaithe bunaithe ar an mbunphrionsabal nárbh fhéidir leis an bpearsantacht Éireannach dul i mbláth i gceart agus nach mbeadh sí in ann lán a cumais a bhaint amach toisc na srianta agus na mbacainní a bhain leis an tsochaí a bhí ann ag an am.

Mar a dúirt mé cheana, is sochaí a bhí ann a cruthaíodh agus a treoraíodh den chuid ba mhó ar mhaithe leis an Ríocht seachas ar mhaithe leis na hÉireannaigh. Bhí athbheochan na teanga mar chuid lárnach den fhealsúnacht a bhí lárnach don ghlún réabhlóideach, a bheag nó a mhór. An t-idéal a bhí acu ná sochaí Ghaelach a athchruthú a bheadh oiriúnach don phobal Éireannach agus ag a mbeadh ceangal díreach lena n-oidhreacht Ghaelach. Ba é aidhm na físe nua ná áit na bréagshochaí coilíní a líonadh.

Sa leabhar suntasach sin le Nicholas M. Wolf a foilsíodh in 2014, An Irish Speaking Island, léirítear dúinn go raibh suas le ceithre mhilliún cainteoir Gaeilge in Éirinn in 1830. Sa chéad leath den naoú haois déag, bhí Gaeilge á labhairt i ngach ceann de na 32 contae agus go forleathan –  ní amháin san Iarthar ach fud fad na tíre ó thuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin go Port Láirge agus Oirthear Chorcaí. Ó Chontae an Dúin agus Aontroma go Cabhán agus Muineachán.

In 1851 bhí comharsanacht ina labhraítí Gaeilge i ngach ceann de chathracha agus de mhórbhailte na hÉireann. Sa bhliain sin bhí ar a laghad 10,000 Gaeilgeoir i gCathair Chorcaí, 15,000 i gcathair na Gaillimhe agus 4000 i gcathracha Luimnigh agus Phort Láirge.  Agus bhí an Ghaeilge le cloisteáil i measc daoine de gach aicme agus gach reiligiún.

Dar le Wolf, chun tuiscint iomlán a bheith againn ar údair chaolaithe na teanga ní leor dúinn diriú ar dhearcadh Dhónal Uí Chonaill gan athbheochan na Gaeilge a chur chun cinn mar ghné den ghluaiseacht don neamhspleáchas, ar an gcóras oideachais nó ar mheon na hEaglaise i leith na teanga. Bhí an scéal i bhfad níos casta le tionchar an-mhór ag tosca tráchtála, riachtanais i leith fostaíochta agus féidearthachtaí eacnamaíochta agus na cúinsí a bhain leis an imirce.

Tar éis an Ghorta Mhóir, thit an daonra ó ocht go leith milliún duine sa bhliain 1845 go cúig mhilliún duine sa bhliain 1851 agus thit líon na nGaeilgeoirí go milliún go leith.  Faoin mbliain 1911, mar gheall ar imirce agus cúinsí eile, bhí an daonra tite go 3.1 milliún duine agus gan ach leathmhilliún duine díobh ag maíomh go raibh cumas sa Ghaeilge acu.

Sna cúinsí sin, is dea-scéala é, céad is a seacht bliain ina dhiaidh sin, go bhfuil daonra na tíre, ó thuaidh agus ó dheas, méadaithe go hos cionn 6.5 milliún duine agus 2 mhilliún duine díobh ag maíomh go bhfuil cumas sa Ghaeilge acu.

Táim ana-shásta go bhfuil staraithe ar nós Nicholas M. Wolf arís ag díriú ar chúrsaí teanga le linn an naoú haois déag agus ar na cúiseanna ar tháinig meath chomh mór ar líon na gcainteoirí Gaeilge le linn na tréimhse sin. Is cuid lárnach dár stair nach bhfuil aird chuí faoi leith faighte aige ó scoláirí agus is léir go raibh deacrachtaí ag baint le cur chuige mhórchuid  na staraithe a rinne plé ar an scéal, dar le Wolf.

Ró-mhinic, b’fhéidir, ní raibh taighde ná anailís chuimsitheach déanta ar an ngaol casta a bhí ann idir an teanga agus an náisiúnachas, cúrsaí eacnamaíochta, cultúr agus cúrsaí creidimh, nó fiú ar na difríochtaí suntasacha a bhí ann laistigh den ghrúpa d’fhir agus mná a bhí gafa le húsáid na teanga le linn na ré sin idir 1770 – 1870.

Cuireann taighde Nicholas Wolf go mór lenár dtuiscint maidir leis na tionchair éagsúla a cuireadh i bhfeidhm ar an daonra agus ní ar mhaitheas na Gaeilge a bhí siad. Nuair a thuigimid na fáthanna a d’iompair an méid sin daoine a ndroim ar an teanga,  roinnt mhaith acu nach raibh aon dul as acu, b’fhéidir go dtuigfimid conas daoine a mhealladh ar ais chuici.

Ta plé déanta agam cheana ar thréimhse na hathbheochana agus áit lárnach an Chonartha sa ghlúin réabhlóideach agus sna hiarrachtaí ár dtír a threorú i dtreo an neamhspleáchais. Tá go leor scríofa ar an gceist go dtí seo agus tá súil agam, le lonnú cheartlann an Chonartha anseo in Ollscoil na Gaillimhe, agus an cinneadh atá déanta go gcuirfear ar fáil go digiteach í, go ndéanfar tuilleadh taighde agus go bhfaighfear tuiscint nua, le foilsiú ag scoláirí agus staraithe ar an tréimhse sin, ar imeachtaí laochra an Chonartha sna laethanta rí-thábhachtacha ag deireadh an naoú haois déag agus tús an 20ú haois.

I measc na doiciméid tá bailiúchán suntasach d’fhoilseacháin an Chonartha thar na blianta: Fáinne An Lae, An Claidheamh Soluis, Misneach, Feasta, Rosc agus nuachtáin eile ar nós An tÉireannach agus An Glór ina measc.

Níos suimiúla, ar shlí, tá cáipéisí ann a bhaineann le riaradh agus forbairt polasaithe na heagraíochta ó 1893 ar aghaidh: Leabhar Cláraithe na gCraobhacha, Leabhair Ard-Fheise, miontuairiscí an Choiste Gnó. Comhfhreagras Uachtaráin Chonradh na Gaeilge sna 60idí agus 70idí agus cáipéisí a bhaineann le Craobh Chonradh na Gaeilge i Londain, ina bhfuil cáipéisí a thugann breis eolais dúinn ar nasc Mhíchíl Uí Choileáin leis an gConradh.

Is bailiúchán é a leireoidh dlúthbhaint stair agus obair na heagraíochta ní hamháin le próiseas bunaithe an Stáit, ach le próiseas múnlaithe an Stáit le linn a staire uilig, go háirithe i gcomhthéacs forbairt polasaithe oideachais, gluaiseacht na nGaelscoileanna, bunú Raidió na Gaeltachta agus TG4 (is cuimhin liom go maith an t-am sin!), agus na hiarrachtaí a rinneadh thar na blianta polasaithe inmharthanacha (sustainable) don Ghaeltacht a chruthú agus a chur i bhfeidhm.

Tá ceisteanna le freagairt. Conas ar éirigh leis an gcaolaigeantacht  agus an coimeádachas greim chomh mór sin a fháil ar an nGaeilge. An dtuigimid na difríochtaí idir na modhanna teagaisc? Céard iad foinsí na tíorántachta a shleamhnaigh isteach?

Le blianta beaga anuas, agus muid ag céiliúradh na n-eachtraí agus na ngluaiseachtaí cinniúnacha sin ó bhreis agus céad bliain ó shin, tá sé imithe i luí go mór orm an tábhacht atá ag baint le chaomhnú ábhair chartlainne, ní amháin ar leas staraithe agus scoláirí ach ar leas gach éinne a bhfuil suim acu dul i ngleic lenár stair; chun scéal casta na hÉireann a thuiscint níos fearr agus chun brí cheart a bhaint ó eachtraí atá caite agus an tionchar atá acu fós ar ár dtír mar atá sí inniu.

Gan chaomhnú cúramach agus cruth ceart curtha ar an ábhar seo, tá baol ann go gcaillfear go deo snáitheanna dár scéal mar thír agus mar phobal. Cuireann digitiú an ábhair seo lena luach, ag cinntiú go mbeidh na doiciméid shuntasacha seo ar fáil go forleathan, do chách. Molaim sibh.

Caithfimid breathnú siar chun fíor-thuiscint a bheith againn ar an áit ina bhfuilimid. Mura bhfuil an tuiscint sin againn beidh sé deacair orainn tionchar dearfach a bheith againn sna todhchaí.

Mar sin, cad atá i ndán don Ghaeilge? Conas ar féidir linn sochaí a thógaint in mbeidh fáilte forleathan roimh an nGaeilge agus meas ar an dteanga mar chuid lárnach dár saol mar dhaoine agus mar phobal?

Chun é seo a phlé ní fiú dúinn ach a bheith macánta maidir leis na straitéisí agus na polasathe nár éirigh leo agus maidir leis an tacaíocht a bhí ag teastáil, nó lena rabhamar ag súil, ach nár tháinig.

Ar íoc muid praghas ard ar aicmeachas na hathbheochana ar uairibh? Ní réabhlóidithe uilig a bhí ann ar ábhar na cothromaíochta mar shampla.

Caithfimid, ag an am céanna, a bheith dóchasach maidir leis na rudaí dearfacha a tharla agus atá ag tarlú agus na féidearthachtaí atá ann dúinn ach iad a aithint.

Cé go bhfuil go leor dúshlán le sárú ag an nGaeilge mar theanga mhionlaigh atá timpeallaithe ag mórtheanga dhomhanda an Bhéarla, tá ár dteanga dhúchais féin againn. Tá seans againn rudaí nua a dhéanamh le huirlisí nua. Is teanga í a bhfuil cosaint bhunreachtúil aici agus aitheantas mar theanga oifigiúil de chuid na hÉireann agus de chuid an Aontais Eorpaigh. Sin aitheantas oifigiúl ach is aitheantas i meon an phobail atá ar iarraidh.

Ó thaobh na hEorpa de, is fiú a aithint chomh maith go mbíonn an dátheangachas nó an t-ilteangachas níos coitianta ná an t-aonteangachas. Tá an Ghaeilge á múineadh do mhórchuid daltaí an Stáit seo agus fás iontach tagtha ar an nGaeilge i gcóras Oideachais an Tuaiscirt. Tá borradh tagtha ar líon na nGaelscoileanna ar fud na tíre agus an t-éileamh ann do thuilleadh.

Tá earnáil chruthaitheach, nuálach go hiomlan trí Ghaeilge sna meáin chumarsáide, le craolacháin den scoth ar TG4, Raidió na Gaeltachta agus stáisiúin eile nach iad. Nach trua aon uair a mbíonn sé ag teastáil iad a mheabhrú faoina n-oibligeáidí. Dá mbeifeá ag breathnú orainn ó 1893, b’fhéidir go ndéarfá go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta, ach gan dabht tá tuilleadh le déanamh fós.

An rud is tabhachtaí ná caithfimid a bheith dáiríre inár n-iarrachtaí chun úsáid na Gaeilge a leathnú san Éirinn nua-aoiseach, ilchineálach ina bhfuilimid ag maireachtáil.

Caithfimid cuimhneamh, chomh maith, go bhfuil an athbheochan atá á plé againn is a bheidh cuí don aois seo againne difriúil b’fhéidir ón athbheochan a phléigh siad céad fiche cúig bliain ó shin, nó caoga bliain ó shin nó fiche bliain ó shin fiú. Tá seanchleachtadh againn thar an am sin – cad a d’oibrigh, cad nár oibrigh. Tá ár sochaí athraithe chomh maith.  Tá meon na ndaoine maidir leis an iliomad gné den saol ag athrú go sciobtha agus tá baoil agus féidearthachtaí nua ann don teanga dá bharr.

Tá pobal na tíre réidh d’iarrachtaí nua maidir le hathbheochan na teanga. Is ceist chultúrtha iomlán í, dar liom. Ceist dhaonna atá inti agus ceist dár dhaonra ina iomláine. Baineann ceist na Gaeilge go mór le ré nua na hÉireann, leis an tsochaí nua ilchineálach atá ann. Tá daonra na hÉireann níos ilnáisiúnta, níos ilteangaí agus níos il-eitní ná mar a bhí riamh in ár gcuid comhchuimhne. Tá ceist na Gaeilge le plé sna réaltachtaí a ghabhann le hÉirinn ilteangach agus ilchiníoch.

Thart timpeall orainn anois tá ciníocha eile ag maireachtáil taobh linn, lena gcuid teangacha cuí, agus tá Éire nua á cruthú againn dá bharr. Is deis iontach í seo chun luach na Gaeilge a chothú an athuair.

Tá sé ag teastáil go mbeadh uaisleacht ag baint leis an bhfáilte a chuireann Éire roimh ciníocha le teangacha agus cultúir dá gcuid féin acu agus tugann sé sásamh faoi leith dhom nuair a chasaim le leanaí na n-imirceach céanna agus iad ag tabhairt faoi chómhra liom i nGaeilge.

Tá an domhain ag cungú ar go leor slite agus cé go bhfuil cultúr mealltach domhanda le brath ar shaol digiteach na linne seo, ar shlí cuireann an t-aonchineálacht seo i gcuimhne do dhaoine go bhfuil luach faoi leith ag baint lena gcultúr féin, lena dteanga féin agus gur fiú iad a chosaint agus a nochtadh. B’fhéidir gur spreagadh í seo chun a teanga féin a úsaid, fiú.

An fís is cóir a bheidh againn ná go mbeadh an Ghaeilge lonnaithe i gcroílár ár gcultúr náisiúnta, agus í á caitheamh againn go headrom mar dhaoine agus mar dhaonra. Ach ní tharlóidh a leithéid gan dáiríreacht agus gan pleanáil, bunaithe ar fhís réadúil. Is fiú Bliain na Gaeilge a úsáíd mar uirlis chun laochra na teangan a aithint, An Conradh ina measc, ach ní leor í. Caithfimid dáiríreachas nua a chur ar an saol i leith na Gaeilge.

Is mór an deis atá again, ach í a thapú, chun daoine a mhealladh ar ais chuig an teanga agus, mar a impím orthu ó am go ham, an tarna seans a thabhairt don Ghaeilge.

I dtaca leis an gcóras oideachais, tá sé ró-éasca a bheith diúltach ina leith agus gan dabht tá fadhbanna ann i gcónaí maidir le múineadh na Gaeilge agus le tacaíocht do ghaelscoileanna. Ach caithfimid aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí macánta chun feabhas a chur ar an scéal. Faoi láthair tá nuálaíochtaí sa chóras oideachais ag an mbunleibhéal, an dara leibhéal mar aon leis an tríú leibhéal á gcur i bhfeidhm chun an caighdeán Gaeilge mórthimpeall orainn a fheabhsú.

Ag deireadh mí an Mhárta d’fhógair Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh go mbeadh siad ag cur dhá chlár oideachais do mhúinteoirí nua trí mheán na Gaeilge ar fáil. Is cúis dóchais í seo, gan dabht.

Ag féachaint siar ar chinnithe rialtais, n’fheadar an mórbhotún a bhí ann sna seascadaí nuair a rinneadh an cinneadh sin na Coláistí Ullmhúcháin sna Gaeltachtaí a dhúnadh. Is deis a bhí ann do mhúinteoirí óga iad féin a shá go hiomlán sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse. N’fheadair an bhfuil an laghdú i gcumas teanga agus i ndea-thoil ár múinteoirí scoile maidir leis an teanga, mar thoradh, i bpáirt, ar an gcinneadh sin? Ceapaim go bhfuil sé fíor go ndearnadh botún mór ó thaobh an oideachais de ar bhonn airgead a shábháil agus greim a fháil ag údaráis an Stáit agus ag údaráis an chreidimh ag an am céanna ar an gcóras.

Ar deireadh an lae, má táimid le bheith dáiríre i dtaca leis an nGaeilge caithfimid aghaidh, i ndáiríre, a thabhairt ar an tslí ina bhfuil sí á múineadh sna scoileanna, na háiseanna atá ar fáil, agus an tslí ina bhfuil ár múinteoirí oilte chuige sin, agus an athoiliúint atá ar fáil.

Túr dóchais eile dom ná an dul chun cinn atá déanta ag pobal na Gaeilge sa Tuaisceart le blianta beaga anuas agus ar an bhfuinneamh agus an cruthaitheacht atá le feiceáil go soiléir ina n-iarrachtaí scoileanna agus cultúrlanna a bhunú agus ranganna Gaeilge a reáchtáil.  Is gné shuimiúil í i stair na teanga an méid Gaeilge a bhí in úsáid ag na hAontachtaithe agus na Protastúnaigh leis na céadta bliain anuas. Cuireann sé díomá orm go bhfuil an Ghaeilge anois mar ábhar conspóide sa Tuaisceart. Ní mar sin ar chóir dó a bheith. Caithfimid a chuimhneamh nach le haon fhealsúnacht pholaitiúil faoi leith ná le haon chreideamh faoi leith an teanga. Tá fáilte roimh chách i bpobal na Gaeilge agus is féidir gach saghas “saoirse intinne” a chleachtadh, is cuma cén dúchas atá ag duine.

Dúinne, atá tógtha leis an nGaeilge, is ábhar céiliúrtha í an teanga dúinn mar chuid lárnach dár n-oidhreacht. Nuair a thuigimid luach na teanga agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am céanna, luach na dteangacha eile a úsáidtear ar an oileán seo, agus tábhacht na dtraidisiún éagsúil atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad na tíre.

Is ceist mhór, chun leas an phobail ina iomláine, úsáid na Gaeilge a leathnú agus is i measc an phobail, ó shaoránaigh uile na hÉireann, thuaidh agus theas, a fhásfaidh athúsáíd na teanga, más féidir linn le chéile an tine a lasadh arís agus muintir na hÉireann a spreagadh chun bheith mar phobal a fháiltíonn go tréan roimh an teanga.

Chun é seo a dhéanamh caithfear na bacainní agus na cúiseanna nár éirigh, den chuid ba mhó, le beartas an Stáit maidir leis an dátheangachas, agus cad é an bealach is fearr le cur leis an dearcadh dearfach atá ag pobal mór na tíre i leith na teanga agus conas cur ina luí orthu í a úsáid.  Níor chóir aon eagla a bheith orainn ár n-aghaidh a thabhairt ar bhealaí nua chun an teanga a mhúineadh, a fhoghlaim agus a úsáid, sa chóras oideachais agus lasmuigh de araon.

Ag féachaint ar an ualach mór tuarascálacha faoi na Gaeltachtaí, ag tosnú leis an gceann is fearr i mo thuairimse, tuarascáil Risteárd Uí Mhaolchatha i 1926, ta sé soiléir go bhfuil dúshláin faoi leith le sárú fós sa Ghaeltacht leis an nGaeilge a choinneáil mar theanga pobail agus chun go mbeidh fás agus forbairt ar na pobail sin trí chur ar a gcumas pleanáil ón mbun aníos. Tá dúshlán faoi leith os comhair mhuintir na Gaeltachta ach tá gá le tacaíocht sa bhreis uathu chun an tseoid seo dár gcultúr a choimead slán.

Is minic a deirtear gurb iad na Gaeltachtaí tobar na teanga sa tír seo, agus tá sé riachtanach go n-aithneoimid, mar thír, ní amháin chomh luachmhar ach chomh fulangach is atá siad.

Tá sé éasca é sin a rá, ach chun go n-eireoidh linn, beidh orainn uile, sa státchóras agus sna Gaeltachtaí araon a bheith dáiríre faoi cad atá uainn, agus má táimid dáiríre, na cinnithe cuí a dhéanamh agus na hacmhainní agus an tacaíocht cuí a chur in áit.

Mar thír, creidim go bhfuil seans ann go bhfuilimid réidh anois leis an gcéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fhís bheo na hathbheochana, ‘sé sin úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chraobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na tíre agus lasmuigh de i measc na n-Éireannach atá ina gcónaí thar lear. Ach ar uairibh, tá an fhianaise lag.

Tá dualgas orainn agus ról againn ar fad san iarracht seo. Molaim sibhse sa Chonradh atá ag iarradh a bheith in bhur gceannródaithe nua-aoiseacha, mar a bhí sibh le 125 bliain anuas. Tá páirt lárnach agaibhse atá gafa sna hollscoileanna agus sa chóras oideachais. Beidh fís agus ceannasaíocht ag teastáil ó pholaiteoirí, uathu siúd le cumhacht sa státchóras agus go háirithe ó na meáin chumarsáide. Molaim go mór na hiriseoirí sin a bhí agus atá fíorchabhrach dóibh siúd sa saol poiblí a labhraíonn Gaeilge. Beidh mé libh ag tabhairt cibé cabhair is féidir liom fad is atá mé mar Uachtarán na hÉireann, agus ina dhiaidh sin chomh maith.

Fad is a mhairfidh an prionsabal go mbaineann an ceart do theanga dhúchasach a usáid mar shuaineantas i gcroí an daonlathais, mairfidh an Ghaeilge. De réir mar a neartófar an fhís, neartófar an Ghaeilge.

Tréaslaím arís le Conradh na Gaeilge as a obair ón am ar bunaíodh é go dtí an lá inniu. Tréaslaím arís le hOllscoil na Gaillimhe maidir leis an mbeartas áirithe seo agus an dea-obair atá faoi bhun agaibh thar na blianta.

Gabhaim mo bhuíochas ó chroí libh.