Comórtas na bhFuinneog/Lá le Pádraig Baile Locha Riach

0
1269

Le Seachtain na Gaeilge tiocfaidh chun deireadh agus Lá Fhéile Pádraig buailte linn tá muintir Baile Locha Riach lán do fuinneamh agus Comórtas na bhFuinneog 2018 á reachtáil acu.

Sé atá i gceist le Comórtas na bhFuinneog ná go mbeidh duais ann don ghnólacht nó siopa is fearr a bhfuil Gaeilge le feiscint ina dtaispéantais do Lá ‘le Pádraig.

Seo agaibh samplái do frásanna úsáideach.

-“Beannachtaí na Féile Pádraig” (Happy St.Patrick’s)

-“Is glas iad na cnoic i bhfad uainn – shop local” (The faraway hills are greener)

-“Coinnigh an baile gnóthach le do ghnó” (Keep the town in buisness with your buisness)

-“Go raibh maith agat – feicfidh muid arís thú!” (Thank you – we’ll see you again!)

Beidh Comórtas na bhFuinneog ag tosú thart ar a naoi a chlog agus mar sin tá am agaibh fós bhur bhfuinneoig a mhaisiú don chomórtas agus don lá féin.

Beidh an pharáid Lá Fhéile Pádraig i mBaile Locha Riach ar siúl inniu thart ar a 1.i.n agus an téama atá ann i mbliana ná “Caitheamh an Glas”, oiriúnach go leor don lá atá ann agus Éireann ag imirt sa rugair freisin.

Is í Rita Ó Mháille a bheidh mar an Ceann Feadhna, Baile Locha Riach. Is baill gníomhach í in ana chuid grúpaí pobal i Baile Locha Riach ó tháinig sí ann mar mhúinteoir i 1974.  Is féidir í a fheiscint chuile seachtain ag tabhairt a chuid ama le Baile Slachtmhara Baile Locha Riach.

Amárach ansin an 18ú lá de Mí an Mhárta beidh céilí ar siúl sa Halla Measarthachta i mBaile Locha Riach. Beidh ceoil á sheinnt ag an Banna Ceol Glenside Céilí. Is féidir sult a bhaint as an banna ceoil agus sibh ag ól tae agus ag buachaint duaiseanna.

Tosnaíonn an damhsa ag 8.i.n agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 11.i.n. Tá costas €10 isteach.

Beidh Baile Locha Riach lán don craic agus an ceoil an deireadh seachtaine seo. Bainigí uilig sult as an seachtain agus beannachtaí Lá Fhéile Pádraig daoibh go léir.