Beirt Gaillimheach roghnaithe mar Láithreoirí Nua Aimsire ag TG4

0
894
Beirt Láithreoirí Aimsire Gaillimheach ainmnithe ag TG4 - Galway Daily

Tá beirt Gaillimheach roghnaithe mar láithreoirí nua aimsire ag TG4 i dteannta Tír Chonailleach.

D’fhógair TG4 níos luaithe i mbliana go rabhadar ag lorg daoine chun chuir isteach ar an phost a bheith mar láithreoir aimsire agus chuireadh iarrataisí isteach ó fud fad na tíre. D’fhógair TG4 inné gur beirt Gaillimheach agus bean ó Tír Chonaill a bheas le feiscint ar bhur scáileán as seo amach.

Is as Teach Mór Thoir in Indreabhán, Co. na Gaillimhe í Catríona Ní Chualáin a bhain amach céim le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2014 agus Maistreacht Ghairmiúil san Oideachas ina dhiadh sin in Ollscoil Mhá Nuad.

Is múinteoir í i nGaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad ag múineadh rang Naíonán bheaga. Seo mar a bhí le rá ag Catríona faoina phost nua,

“Bhínn ag rá i gcónaí go mbeadh suim agam i bpost i mo chailín aimsire i TG4, agus bhí mé chomh sásta an deis a fháil tar éis an triail scáileáin a dhéanamh.

“An rud is fearr liom faoin aimsir ná go mbíonn leithscéal agam gléasadh suas chuile lá a mbíonn mé ag obair agus go mbíonn a fhios agam cén sórt aimsire a bheidh againn beagáinín níos luaithe ná chuile duine eile.”

An Gaillimheach eile a bheas le feiscint ar bhur scáileán as seo amach ná Orla Ní Fhinneadha. Rugadh agus tógadh Orla Ní Fhinneadha ar an gCloich Mhóir i gConamara.

Múinteoir bunscoile i Scoil Éinne ar an Spidéal í Orla a bhain a céim san oideachas amach i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach agus máistreacht san Oideachas sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Amhránaí sean-nóis aitheanta í agus bhain sí amach an triú háit i gCorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2017. Bíonn Orla i mbun ranganna san amhránaíocht ar an sean-nós do ghasúir agus is breá léi a bheith ag plé leis an drámaíocht agus leis an ealaíon.

Sí Neasa Bheáid, a rugadh i Gaoth Dobhair a bheas i dteannta an bheirt Gaillimheach agus iad ag roinnt na dualgaisí agus an aimsir a chur i láthair.

Craoltar Aimsir TG4 chuile tráthnóna ag 6.55i.n agus ag a 9i.n. Is féidir tuileadh eolas a fháil ar Aimsir TG4 anseo.