7 Cúrsa Iarchéime de chuid OÉ Gaillimh gearrliostaithe do Gradam

0
882
Galway Daily news International Criminal Court Chief Prosecutor

Tá seacht cúrsa iarchéime de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh théis a bheith gearrliostaithe i dhá rannóg do na Gradam Náisiúnta Gradireland Ardoideachais 2018.

Ta an Cúrsa Nua is Fearr agus Cúrsa Iarchéime na Bliana san áireamh ins na rannóg agus déanfar na buaiteoirí gradam a fhógairt Dé hAoine an 23ú Samhain ag fáiltiú i mBaile Átha Cliath.

Is iad na cúrsaí iarchéime Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá théis a bheith gearrliostaithe ná:

  • Cúrsa Nua Is Fearr: The MSc (International Accounting and Analytics), J.E. Cairnes School of Business and Economics; and the MSc in Patient Safety and Healthcare Simulation, School of Medicine.
  • Gradam Cúrsa Iarchéime na Bliana i Gnó, Airgeadais agus Bainistíocht: The MSc in Digital Marketing; the MSc in Strategy, Innovation, and People Management; and the MSc in International Management, run by the J.E. Cairnes School of Business and Economics.
  • Gradam Cúrsa Iarchéime na Bliana in Eolaíocht Ríomhaireachta agus Teicneolaíocht: The MSc in Business Analytics, J.E. Cairnes School of Business and Economics
  • Gradam Cúrsa Iarchéime na Bliana in Eolaíocht: The MSc in Climate Change, Agriculture and Food Security, Ryan Institute.

Aithníonn na Gradam Cúrsa Iarchéime na Bliana a bhíonn ar siúl go bliantúil sármhaitheas i measc soláthraithe cúrsaí iarchéime na hÉireann.

Déantar breithniú ar na cúrsaí buacach ar rath an chúrsa lena n-áirítear infhostaitheacht na gcéimithe, aitheantas ar cháilíocht nó rangú an chúrsa ag comhlachtaí seachtracha, taifead taighde ar bhaill foirne acadúla agus taithí mhaith a sholáthar do mhic léinn.

Tugann breithiúna aiseolas ó mhic léinn freisin nuair a bhíonn buaiteoir á roghnú acu.

Cuireann Ollscoil na hÉireann Gaillimh réimse leathan ar fáil do cúrsaí ceathrú leibhéil, cláir a fhorbairt bunaithe ar a láidreachtaí acadúla traidisiúnta na nEalaíon, na nEolaíochtaí Sóisialta, an Léinn Cheiltigh, Tráchtála, Leigheas, Altranas, Eolaíocht Sláinte, Dlí, Innealtóireacht, Faisnéisíocht agus Eolaíocht.

Tá níos mó ná 5,000 daltaí iarchéime (daltaí idirnáisiúnta san áireamh) ag freastal ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh.