Teach Lán ag Oíche Oscailte BAOITE aréir sa Taibhdhearc

0
886
Súil siar agus ar aghaidh ar saol na Taibhdheirce - Galway Daily

[dropcap][/dropcap]Bhí an teach lán aréir ins An Taibhdhearc d’oíche oscailte BAOITE, dráma nuascríofa le Darach Mac an Iomaire.

Beidh an dráma á léiriú ins an Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge mar chuid do Féile Idirnáisiúnta na Gaillimhe a thosaigh inné agus a bheas ag leanúint ar aghaidh ar feadh coicíse.

Tá Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe ar an bhfód le 41 bliain i mbliana agus is eagrúchán cultúrtha é, a feidhmíonn mar an Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na hEorpa amach ar tosaigh. Forbraíonn sé agus feidhmíonn saothar nua agus déantar turasanna go náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Cad é mar thús a bhí ag BAOITE aréir, dráma Darach Mac an Iomaire a mheall slua ollmhór ó fad is i gcéin, leis an teach lán ins An Taibhdhearc.

Scéinseir é BAOITE faoin lánúin iascaireachta atá sáite in agóid in aghaidh comhlacht idirnáisiúnta fraiceála mara. “…is é ciúnas a chreimfeas an ceantar seo – níos measa ná ceimiceán ar bith…” Cothaítear teannas sa dúthaigh, sa phobal, ‘sna lánúin agus sa duine aonair go dtí go gceistítear an beart atá ceart agus an beart nach bhfuil.

Macdara Ó Fátharta (atá cáil ar don ról atá aige mar Tadhg Ó Díreán i Ros na Rún) a ghlac páirt do Pat i BAOITE. Athair do thriúir le suim ollmhór aige san ól agus ar deireadh chuireann an t-alcól chuig an uaigh é.

Ról Diarmuid de Faoite i BAOITE ná mac do Pat,Tom, fear le mórchuid do trioblóide agus fuath aige dá chlann ar fad, a athair, mháthair agus dheirfiúr, agus fiú a chuid gásúir féin. Tá náire an domhan ar de bharr na rudaí a chonaic sé gur dhein a athair nuair a raibh sé óg, agus é ag mothú ciontacht ná raibh sé in ann faic a dhéanamh mar gheall air.

Is í Siobhán O’ Kelly atá mar Cáit, iníon Pat a ndéanfaidh pé rud is féidir chun airgead a fháil do IVF, fiú má bhriseann sé croí a athair.

S’é Seán T. Ó Meallaigh, a ghlacas páirt Simon, fear chéile Cáit. Tá rudaí ag chuir isteach air Simon freisin mar gur fostaigh sé Rafa chun oibriú ar an bád mar oibreoir sclábhaíochta. Téann rudaí ó olc go holcas nuair a deireann Tom nach teastaíonn uaidh go n-oibreoidh Simon ar an mbád a thuilleadh. Teastaíonn díoltas ó Simon rud a chuireann Rafa chuig uaigh luath.

Dráma a chaithfear fheiscint í BAOITE, lán do snáithe scéalta a bhriseann clann óna chéile agus le aisteoireacht den scoth. Tá deis agaibh é a fheiscint ó seo go dtí an 22ú Iúil ins An Taibhdhearc.

Cosnaíonn na ticéid €25/€20 agus is féidir iad a fháil anseo. Ná caill do seans BAOITE a fheiscint.