Home GAEILGE Postanna Múinteoireachta ar fáil i nGaillimh fógartha ag an Bord Oideachais

Postanna Múinteoireachta ar fáil i nGaillimh fógartha ag an Bord Oideachais

0
Galway daily news Three Galway schools join Creative Clusters collaboration

Never Miss a Story! Join our newsletter below

Tá sé fógartha ag an Bord Oideachais agus Oilúna na Gaillimhe agus Ros Comáin go bhfuil postanna múinteoireachta ar fáil i nGaillimh.

Cuirfidh an Bord Oideachais agus Oilúna na Gaillimhe agus Ros Comáin fáilte roimh iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí ar na poist mhúinteoireachta seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith i gceist sa scoilbhliain 2018/2019.

Tá na ceapacháin seo faoi réir fhaomhadh na Roinne Oideachais agus Scileanna agus Stiúrthóir na Scéime Ath-Imlonnaithe.

Is ar conradh Lánaimseartha/Pro-Rata & Páirtaimseartha a bheas na postanna seo.

Seo a leanas liosta dos na scoileanna i nGaillimh atá ar thóir múinteoirí faoi láthair.

Coláiste Pobail na Gaillimhe, Móinín na gCiseach: (Athfhógairt)

GA18 – 108  Múinteoir Tacaíochta Foghlama Iarscoile (7.6 uair – Saoire Mháithreachais – Samhain 2018))

GA18 – 109  Béarla Cumarsáid & Riachtanais Speisialta Oideachais (22 uair, Saoire mháithreachais = 03/12/2018)

GA18 – 110 Corpoideachas & Múinteoir Tacaíochta Iompraíochta (10 n-uair an chloig, Saoire mháithreachais – 03/12/2018)

Coláiste an Ard-Easpaig, Mhic Éil, Tuaim, Co. na Gaillimhe

GR18 – 111  Béarla (16 uair, Saoire mháithreachais – 09/12/2018)

GR18 – 112  Matamaitic (22 uair, Saoire mháithreachais – 03/12/2018) (Páirtaimseartha Prorata – 05/11/2018 – 31/05/2019)

GR18 – 113  Gearmáinis (22 uair, saoire mháithreachais – 03/12/2018)

Coláiste Chilleáin Naofa, An Cnoc Breac, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe: 

GR18- 114  Fraincís (18 uair an chloig – saoire mháithreachais – 3/12/18)

Institiúid Theicniúil na Gaillimhe (GTI), Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Gaillimh:

GR18 – 115  Staidéar Altranais (11 uair – saoire mháithreachais – 9/11/18) (Athfhógairt)

GR18 – 116  Mata agus QQI (suas go dtí 11 uair – páirtaimseartha – Samhain 2018) (Athfhógairt)

GR18 – 117  Eolaíocht/Cothú/Suathaireacht Spóirt (suas go 22 uair an chloig, Clúdach Páirtaimseartha, ag tosú Samhain 2018)

Coláiste an Chláirín, Caheroyan Road, Gorteenacra, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe

GR18 – 118  Gaeilge (22 uair, Saoire mháithreachais)

Coláiste Bhaile Chláir, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe (Athfhógairt)

GR18 – 120  Mata (Saoire mháithreachais – 3/12/2018 – 31/05/2019)

GR18 – 120  Mata & Tacaíocht Foghlama (Saoire mháithreachais – 22 uair)

GR18 – 122  Eacnamaíocht Bhaile (Saoire mháithreachais)

Ógtheagmháil Thuama, Teach na hÉireann, Bóthar Bhaile Átha Ghad, Tuaim, Co. na Gaillimhe

GR18 – 126  Gaeilge (22 uair, Saoire mháithreachais  11/2018 – 25/05/2019) (Athfhógairt)

Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe: {Teagasc trí mheán na Gaeilge} (Athfhógairt)

GR18 – 127  Obair Mhiotail (Páirtaimseartha Pro rata)

Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach, Gaillimh {Teagasc trí mheán na Gaeilge}

GR18 – 128  Múinteoir Gnó, Fiontraíocht, Mata (21.3 uair – saoire mháithreachais)

Coláiste Mhuirlinne, Bóthar Dhabhach Uisce, Gaillimh

GR18 – 129 Múinteoir Acmhainne – Béarla (B’fhéidir Matamaitic fresin) (22 uair – 03/12/18)

Is féidir tuilleadh eolas faoi na postanna ar fad atá ar fáil i nGaillimh a fháil anseo agus tugtar an t-eolas faoi conas chur isteach ar an bpost ag an nasc chéanna.

NO COMMENTS

Exit mobile version