Home GAEILGE Mí-ádh ar clubanna an Ghaillimh sna Cluichí Ceannais – Comórtas Peile na...

Mí-ádh ar clubanna an Ghaillimh sna Cluichí Ceannais – Comórtas Peile na Gaeltachta

0
clubanna

Never Miss a Story! Join our newsletter below

Bhí mí-ádh ar clubanna an Ghaillimh sna cluichí ceannais do Comórtas Peile na Gaeltachta a bhí ar siúl inniu.

Lá aoibhinn a bhí ann dos na cluichí a bhí ar siúl sna Dúnaibh, Tír Chonaill inniu, cluichí ceannais an Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Bhí an Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine ar fad le foirne ó clubanna Gaeltachta mórthimpeall na hÉirinn ag bailiú sna Dúnaibh don Féile.

Bíonn i bhfad níos mó ná cluichí ag baint leis an Comórtas, bíonn béim mór ar chaint na Gaeilge mar aon le craic agus ceol san oíche.

Chuile bhliain phioctar Cailín Gaelach agus i mbliana b’í Clíona Ní Ghallachóir as Gaoth Dobhair a bhuaigh an chomórtas sin aréir.

Inniu áfach bhí na súile ar fad ag faire ar an gcaid agus muintir na Gaillimhe ag súil leis an bheart a dhéanamh dhá lá as a chéile théis an bua ollmhór a bhí ag foireann na Gaillimhe ar Shligeach i Stáid an Phiarsaigh inné.

Ní mar a shíltear a bítear áfach agus muintir na Gaillimhe le teacht thar nais abhaile gan aon gréithe airgid.

Bhí foireann na fearaibh agus foireann na mban ó Co. na Gaillimhe páirteach i dhá cluiche ceannais ach ní raibh an t-ádh le ceachtar acu innu.

D’imir Cumann Peile na mBan as Cumann Peile na Maigh Cuillin sa cluiche ceannais ar maidin i gcoinne Ghleann Finne.

Scór den scoth a bhí ag na mná ó Dún na nGall i gcoinne na mná as an Ghaillimh sa cluiche. S’é an scór dheireanach a bhí sa cluiche ná Mhaigh Cuilinn 3-09 Ghleann Finne 7-10.

Sa tráthnóna ansin bhí fearaibh na Gaillimhe ag iarraidh an beart a dhéanamh i gcoinne na Bhuf Tón (Wolfe Tones) ach ní raibh an t-ádh leo ach oiread.

Bhuaigh na fir ó Co. na Mí ar leaids na Gaillimhe leis scór dheireanach Ceathrú Rua 2-07 Bhulf Tón 3-9.

Mí-ádh mar sin do foirne na Gaillimhe thuas i Dúnaibh, Dún na nGall inniu.

NO COMMENTS

Exit mobile version