Home GAEILGE Fleadh Scannánaíocht na Bunscoile i nGaillimh

Fleadh Scannánaíocht na Bunscoile i nGaillimh

0
Fleadh Scannánaíochta na Bunscoile i nGaillimh - Galway Daily

Never Miss a Story! Join our newsletter below

Deis iontach do dhaltaí agus múinteoirí páirt a glacadh sa chéad Féile Scannánaíocht na Bunscoile i nGaillimh.

Is bealach spreagúil é scannánaíocht litearthachta a mhúineadh ar bhealach traschuraclaim.

D’fhéadfaidh an chéad Saoirse Ronan nó Cillian Murphy eile a bheith ina shuí i do rang agus deis iontach é páirt a glacadh ins an chéad Féile Scannánaíochta na Bunscoile i nGaillimh riamh.

Beidh forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí rang 3-6 á chur ar fáil ag Ionad Oideachas na Gaillimhe chun na bunghnéithe a thabhairt dóibh chun na scannáin gearr a tháirgeadh lena rang.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na múinteoirí ar fáil do chuile cheann do na cúig chinn do cheardlanna forbairt ghairmiúil. Beidh siad ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin idir a 7-9 i.n. ar na dátaí seo a leanas,

Samhain 7ú, Samhain 14ú, Samhain 21ú, Samhain 28ú agus Nollag 5ú.

An t-aon riachtanas teicniúil chun páirt a glacadh ná go mbeadh teacht ar iPad ag an rang ionas go mbeidís in ann gearrscannán a léiriú.

Iarrtar ar gach múinteoir a bheas ag glacadh páirt gearrscannán a chur le chéile (níos lú ná 5 nóiméad) leis an rang ar an téama Gaillimh. Beidh Fleadh Scannánaíocht ar siúl san Eye Cinema ins an tEarrach áit a bheas deis ag na dhaltaí a chuid scannáin a fheiscint ar an scáileán mór.

Áiteanna Teoranta do 10- Múinteoir amháin!

Chun do suim a léiriú is féidir foirm iarratas a íoslódáil ón suíomh idirlín agus é a sheoladh chuig Ionad Oideachas na Gaillimhe, Cluain Mhuire, Páirc an Tobair, Gaillimh. Nó is féidir ríomhphoist a sheoladh chuig info@galwayec.ie roimh Dé hAoine an 19ú Deireadh Fómhair.

 

NO COMMENTS

Exit mobile version