Home GAEILGE Deireadh an bhóthar do Foireann Sinsir Caide na Gaillimhe i mbliana.

Deireadh an bhóthar do Foireann Sinsir Caide na Gaillimhe i mbliana.

0
Deireadh an bhóthar don Gaillimh - Galway Daily

Never Miss a Story! Join our newsletter below

Tá deireadh an bhóthar shroicte ag Foireann Sinsir na Gaillimhe i mbliana théis an mbua a bhí ag Baile Átha Cliath orthu inniu an 11ú Lúnasa.

Thug foireann caide na Gaillimhe aghaidh ar Baile Átha Cliath inniu sa Cluiche Leath Ceannais Craobh na hÉireann agus iad ag troid don chéad spota sa Cluiche Ceannais Caide Craobh na hÉireann a bheas ar siúl ar an tarna lá de Mí Mheán Fomhair.

Bhí cluiche mór ag teastáil ó leaids na Gaillimhe inniu théis an cailliúnt a bhí acu sa mbaile, i Staid an Phiarsaigh an tseachtain seo chaite i gcoinne Muineacháin, chun an brionglóid a choimeád beo ach ní mar a shíltear a bítear agus deireadh an bhóthar shroicte acu anois.

Beidís ag féachaint siar go díomách ar an chéad leath agus an iomaí deiseanna a bhí acu a d’imigh ar foraíl.

Is iad Baile Átha Cliath an fhoireann a thosaigh níos fearr agus cúilín faighte acu théis 50 soicind. Fuaireadar cúpla cúilíní eile ón imirt agus cic saor sular fuair an Gaillimh seilbh ar an cluiche le báide den scoth ón Captaen Damien Comer.

D’imigh liathróid ard isteach chuige agus tháinig Stephen Cluxton amach ón líne. Ní raibh faic le dhéanamh ag Comer ach an liathróid a bhuaileadh le dorn isteach sa líontán, agus iad thar nais sa cluiche ansin.

Bhí deis acu báide eile a fháil nuair a bhronnadh cic phionós orthu ach shábháil Stephen Cluxton an iarracht a bhí ag Eamonn Brannigan agus ansin d’imigh an cic 45 a bhí acu ar foraíl.

Bhíodar go huile is go hiomlán fós sa cluiche ag leatham leis an scórlíne – Gaillimh 1-07 BÁC 1-09 ach d’athraigh sin go tapaidh sa deireadh leath.

Tháinig Baile Átha Cliath amach sa dara leath agus iad réidh le chuile ní a dhéanamh chun Craobh na hÉireann a shroicint don ceathrú bhliain as a chéile agus dheineadar an bheart le cúilíní ós na leithéidí Con O’ Callaghan, Paul Mannion, Ciaran Kilkenny.

Ní raibh Gaillimh ábalta faic a dhéanamh, le mórchuid don liathróid a bhí acu agus iad ag féachaint lag i dtreo an deireadh. Fuair Comer pointe den scoth ón taobh líne agus fuaireadar báide eile chun cruth níos fearr a chur ar an scórlíne ach b’shin é deireadh an bhóthar do foireann caide Sinsear na Gaillimhe don bliain.

Scór Dheireanach sa Cluiche BÁC 1-24  Gaillimh 2-12.

Beidh Baile Átha Cliath anois ag tnúth go mór leis an Cluiche Ceannais agus iad ag iarraidh an Corn Mhig Uidhir a chosaint don ceathrú bhliain as a chéile.

Cé ná raibh an mbua ag Foireann Caide Sinsir na Gaillimhe inniu beidh an Contae ar fad taobh thiar do na Miónúir a bhain amach an Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann théis bua a bhí acu ar An Mhí le scórlíne, 3-13 go 2-9.

NO COMMENTS

Exit mobile version