Home GAEILGE Céilí Teaghlaigh ar siúl chun airgead a bhailiú don féile Traidphicnic

Céilí Teaghlaigh ar siúl chun airgead a bhailiú don féile Traidphicnic

0
Céilí Teaghlaigh

Never Miss a Story! Join our newsletter below

Beidh Céilí Teaghlaigh ar siúl sa Spidéal ar an Domhnach beag seo an 29ú lá de Mí Aibreán chun airgid a bhailiú don Féile Traidphicnic 2018.

Tá an Céilí Teaghlaigh á reachtáil mar ócáid tiomsaithe airgid don féile Traidphicnic 2018.

Beidh an Féile Traidphicnic thar nais sa Spidéal i Mí Iúil i gcóir Deireadh Seachtaine eile lán do spraoi.

Tá an Spidéal i gcroílár an Gaeltacht i gConamara agus dá bharr is é an áit is fearr chun iarracht a dhéanamh bhur cúpla focal a úsáid.

Bíonn an Féile ag feidhmiú ar bhonn deonach agus cé go mbíonn sé saor in aisce, iarrtar orthu siúd a mbíonn ag freastal ar an Féile an méid is féidir leo a thabhairt chun cábhrú le dul chun cinn agus feidhmiúcháin an Féile.

Thar an deireadh seachtaine beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl, ó ceol beo go ealaíon agus ceirde, seisiún sna tithe tabhairne, siúlóidí treoraithe, sean-nós agus a thuilleadh eile.

Beidh amanta na himeachtaí á daingniú níos congaraí do thús na Féile ach roimhe sin ar fad tá seans agaibh bhur bróga rince a chuir oraibh chun airgid a bhailiú do dhul chun chinn na Féile.

Idir a 3i.n. agus a 5i.n. a mbeidh an Céilí ar siúl i Choláiste Chonnacht, An Spidéal áit a mbeidh Banna Céilí Cogar á sheinnt le Sabhbh Ní Fhátharta, Meghan Davoren, Lorcan Brady, Maidhc Ó hÉanaigh, Neasa Ní Chonghaile, Mick Clancy, Seosamh Ó Fátharta, Cormac Ó hAlmhain, Ferdie Whelan, Paul McClure.

Is é Gearóid Mulrooney a bheas ag freastal mar fear an tí agus tá costas €5 ar na ticéidí nó €10 más clann atá i gceist. Is féidir na ticéid a fháil go háitiúil nó ar an ndoras.

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil faoi Féile Traiphicnic go ginearálta is féidir dul go traidphicnic.com nó is féidir glaoch a chur ar 087 9717080 nó ríomhphoist a sheoladh chuig traidphicnic@gmail.com

 

NO COMMENTS

Exit mobile version