Home GAEILGE Cártaí Visa ag obair i gceart arís théis na fadhbanna a bhí...

Cártaí Visa ag obair i gceart arís théis na fadhbanna a bhí i nGaillimh inné

0
Cártaí Galway

Never Miss a Story! Join our newsletter below

Tá na Cártaí Visa uilig ag obair i gceart arís inniu théis trioblóid ollmhór a bhí acu aréir mórthimpeall na Gaillimhe

Chuir fadhbanna leis na Cartaí Visa isteach ar chuid mhaith do mhuintir na Gaillimhe tráthnónna inné agus déanach isteach san oíche.

Mórthimpeall cathair na Gaillimhe agus an chontae araon bhí chuid mhaith do dhaoine trína chéile de bharr ná raibh na cártaí Visa ag obair dóibh inné.

Ar dtús báire cheap na gnónna agus gnólachtaí ar fud na cathrach gurb fadhb inmhéanach a bhí i gceist lena gnó fhéin. Cheapadar go raibh fadhbanna leis an idirlín agus wifi go dtí gur fuaireadh amach ná raibh na cártaí visa ag obair go náisiúnta.

Gan dabht b’shin é an rud dheireanach a raibh ag teastáil ó dhaoine inné, tráthnóna Dé hAoine suite ar deireadh seachtaine saoire na bainc.

Bhí an eagla ann, nach mbeadh aon réiteach leis an fadhb agus go mbeadh daoine gan aon airgead don deireadh seachtaine.

Is léir anois nach mbíonn mórán airgead ag daoine a thuilleadh, rud a chruthaigh níos mó fadhbanna inné agus na chustaiméirí ag iarraidh íoc as na hearraí.

De bharr na fadhbanna leis na cártaí visa bhí scuainí fada ins na siopaí mórthimpeall na chathair agus a thuilleadh daoine ag ciúáil ag na ATM’s.

Inné ní raibh daoine in ann airgead a thógaint amach as na ATM’s ná raibh bainteach lena cárta Visa féin. Mar sin ní raibh daoine le cartaí Visa ó AIB mar shampla ábalta airgeadh a bhaint ó ATM Bank of Ireland srl.

Bhuail scaoill ar fud na Gaillimhe mar go raibh daoine ag iarraidh na cártaí a úsáid agus gan aon ní ag teacht as – diúltaigh na cártaí arís agus arís eile ag fágaint na custaiméirí agus an lucht oibre i gcruachás.

Fadhb náisiúnta a bhí i gceist, mar aon le fadhb Eorpach. D’eisíodh Visa leithscéal do na custaiméirí ar fad déanach aréir.

Mar a sheasann sé anois díreach bhí na cártaí ar fad ag obair i gceart i rith an lae agus is léir go bhfuil an fadhb daingnithe ach ba cheart go mbeadh airgead sa mála mar réamhchúram.

NO COMMENTS

Exit mobile version