Home GAEILGE Brionglóid agat riamh bheith mar aisteoir?

Brionglóid agat riamh bheith mar aisteoir?

0
Ros na Rún ar thóír dhaoine breise

Never Miss a Story! Join our newsletter below

An raibh brionglóid agat riamh go mbeadh tú i do aisteoir nó bhfuil spéis agat sa cúram aisteoireachta mar faoi láthair tá Ros na Rún i do lorg.

Ag dul isteach i Séasúr 23 an bhliain seo chughainn, tá Ros na Rún ag iarraidh chur leis na haisteoirí atá acu cheana féin agus deis a thabhairt do dhaoine nua a chuid buanna a thaispeánt. Ní gá duit taithí aisteoireachta a bheith agat cheana féin ach tá sé riachtannach Gaeilge líofa bheith agat.

Is é Ros na Rún an t-aon sraith dramaíochta teilifíse atá lonnaithe faoin dtuath in Éireann agus tá an seit lonnaithe ins an Spidéal thart ar 40 nóiméad lasmuigh don cathair.

Bíonn an sobal dhráma ag plé leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann leis na tuaithe maraon leis na fadhbanna ginearálta a bhaineann leis an saol. Na téamaí is coitianta a bhaineann leis na snáitheanna scéil ná cúrsaí grá, fadhbanna clainne, bréag, rún, srl.

Faoi láthair tá Ros na Rún críochnaithe le taifead sraith 22 ach leanóidh an sobal dhráma ar aghaidh ar an teilifís go dtí Mí na Bealtaine.

Is sobaldhráma áisiúl é d’aon duine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus fiú muna mbíonn Gaeilge ag duine is féidir faire ar an sobaldhráma leis na fotheidil.

Más mian leat a bheith páirteach leis an sobaldhráma agus do chuid buanna a thaispeánt ní gá duit ach pictúir duit féin a tógadh le déanaí maraon le do CV a chur ar aghaidh chuig leiriuchan@rosnarun.com nó glaoch a chuir ar Christina ag 091 558400.

Tapaidh do dheis a bheith mar aisteoir nua ar an sobaldhráma agus chuir an t-eolas ar fad atá riachtannach chuig Ros na Rún mar go mbeidh na h-éisteachtaí ar siúl go luath.

Caithfidh tú a bheith os cionn 18 mbliana d’aois chun chuir isteach ach seans iontach é a bheith páirteach le foireann aisteoireachta iontach leo siúd ar nós Tadhg Ó Díreán, Máire Uí Chonghaile, Beirní Ní Neachtain, Caitríona Ní Loideán agus gach duine eile.

Ná caill an seans!!

NO COMMENTS

Exit mobile version