Lá Oscailte an Earraigh in OÉ Gaillimh

0
1424
Galway Daily news nui galway schools Public involvement in healthcare research seminar

Beidh lá oscailte ar siúl Dé Sathairn seo chughainn, an 24ú lá de Mí an Mhárta ó 9r.n. go dtí 3i.n. in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Deis iontach é an Lá Oscailte do scoileanna, daltaí, tuismitheoirí agus teaghlaigh blaiseadh a fháil de shaol staidéir OÉ Gaillimh.

Tá clár lán le himeachtaí, léachtaí samplacha agus máistir-ranganna eagraithe don lá, san áireamh tá:

  • Os cionn 80 seastán ag cur eolais ar fáil faoi chúrsaí, pointí CAO, deiseanna fostaíochta, deiseanna le dul chun cinn gairme a dhéanamh, lóistín agus táillí.
  • Seisiún eolais chun léargas ceart a thabhairt do mhic léinn ar an staidéar in OÉ Gaillimh.
  • Ceardlanna praicticiúla eolaíochta.
  • Sesiún idirghníomacha san Innealtóireacht, córais IT agus róbataic.

I measc na gcainteanna do mhic léinn beidh cainteanna ar Spóirt in OÉ Gaillimh, Deiseanna Gairme agus Mná Spreagúla san Innealtóireacht. Do thuismitheorí beidh raon cainte speisialta ag díriú ar ábhair cosúil le Deontais SUSI, Iarratais ar Scoláireachtaí agus Saol na Mac Léinn.

Beidh turas den champas ar siúl i rith an lae agus tugtar cuireadh do thuismitheoirí freastal ar Chaint do Thuismitheorí a bheidh ar siúl ar 11r.n. agus arís ar 1i.n.

Is deis é seo do thuismitheoirí blaiseadh a fháil ar raon iomlán Sheirbhísí Tacaíochta na hOllscoile agus iad a chur ar a suaimhneas go mbeidh gach tacaíocht ar fáil dá n-iníon nó mac le linn a gcuid ama in OÉ Gaillimh. Gheobhaidh cuairteoirí eolas ó léachtóirí faoin taithí foghlama in OÉ Gaillimh, forbairt scileanna agus deiseanna gairme do gach clár céime.

Chun an tairbhe is mó a bhaint as an lá moltar do chuairteoirí breathnú ar amchlár na gcainteanna chun na chinn is fearr agus is oiriúnaí dóibh a phiocadh ionas nach chaillfear aon rud tábhachtach.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin lá agus na himeachtaí a mbeidh ar siúl i rith an lae ar an suíomh www.nuigalway.ie/opendays.